Fógra Teicniúil: Síneadh go dtí 2026 ar na Scéimeanna Cúnaimh Infheistíochta le haghaidh Nuálaíochta agus Éagsúlaithe sa Ghairneoireacht
- Foilsithe: 28 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil síneadh gearr tugtha inniu don spriocdháta chun iarratais a chur isteach faoi na Scéimeanna Cúnaimh Infheistíochta 2026 le haghaidh Nuálaíochta agus Éagsúlaithe sa Ghairneoireacht. Áirítear ar na scéimeanna ábhartha:
- Scéim 2026 um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht (Infheistíochtaí Caipitil)
- Scéim 2026 um Chúnamh Infheistíochta le haghaidh Nuálaíochta agus Éagsúlaithe sa Ghairneoireacht (Staidéir Indéantachta / Staidéir Deisce)
- Scéim 2026 um Chúnamh Infheistíochta le haghaidh Nuálaíochta Próisis agus Eagraíochtúla sa Ghairneoireacht do Ghnólachtaí Móra
Tá an spriocdháta chun iarratais a chur isteach ar na scéimeanna seo sínte ón 23 Eanáir go dtí meán oíche Dé Máirt, an 3 Feabhra 2026.
Tá sé mar aidhm ag na scéimeanna, a osclaíodh d’iarratais i mí na Nollag, tacú le nuálaíocht agus éagsúlú méadaithe i measc táirgeoirí príomhúla san earnáil ghairneoireachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo, lena n-áirítear an Fhoirm Iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime.
CRIOCH