Nuashonrú do rannpháirtithe i gcur chuige Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe
- Foilsithe: 19 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 19 Feabhra 2026
Nuashonrú do rannpháirtithe i gcur chuige Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe
Is mian leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí atá rannpháirteach i gcur chuige Comhoibrithe Scéim Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe maidir leis an méid seo a leanas:
1. Sprioc-am chun éilimh a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla atá formheasta
Meabhraítear do rannpháirtithe i gcur chuige Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe:
- gurb é an sprioc-am chun éilimh íocaíochta a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla atá formheasta ina bPleananna Oibre Bliantúla 2023 ná 31 Márta 2026;
- nach bhféadfar ach éileamh íocaíochta amháin a chur isteach i leith gach Plean Oibre Bliantúil;
- nach mór gach gníomh a bheith curtha i gcrích go hiomlán de réir na sonraíochtaí sula gcuirfear an t-éileamh íocaíochta isteach.
Meabhraítear dóibh freisin gurb é an sprioc-am chun éilimh íocaíochta a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla atá formheasta ina bPleananna Oibre Bliantúla 2024 ná 31 Nollaig 2026.
Tá doiciméad Ceisteanna agus Freagraí maidir le hInfheistíochtaí Neamhtháirgiúla, mar aon le taifeadadh de sheimineár gréasáin ón Roinn maidir le héilimh den sórt sin a chur isteach, ar fáil ar shuíomhéasáin na Roinne chun aghaidh a thabhairt ar aon cheisteanna maidir le héileamh den sórt sin a dhéanamh. Féadfar ceisteanna i ndáil le hInfheistíochtaí Neamhtháirgiúla a sheoladh ar ríomhphost chuig ACRESNPI@agriculture.gov.ie
2. Féadfar iarratais a chur isteach anois i leith Gníomhartha Tírdhreacha
Cuirtear in iúl do rannpháirtithe i gcur chuige Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe:
- Féadfar iarratais a chur isteach anois i leith gníomhartha tírdhreacha, ar gníomhartha comhshaoil chomhlántacha iad atá ar fáil do rannpháirtithe Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe. Tá na gníomhartha seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí i gcur chuige Comhoibrithe na Scéime chun tosaíochtaí comhshaoil ar leith a dhíriú, agus na gníomhartha ag díriú ar shaincheisteanna amhail speicis atá faoi bhagairt, cosaint cháilíocht an uisce, bainistiú speiceas ionrach agus bainistiú toir i bhféarach atá saibhir i speicis.
- Tá ról lárnach ag Foirne Tionscadail Comhoibrithe na Scéime i ndíriú éifeachtúil agus éifeachtach Gníomhartha Tírdhreacha ar leibhéal tírdhreacha ina gcriosanna Comhoibrithe faoi seach, agus spreagtar rannpháirtithe Comhoibrithe dá bhrí sin chun teagmháil a dhéanamh lena bhFoireann Tionscadail Comhoibrithe chun na deiseanna atá ar fáil dóibh i leith gníomhartha tírdhreacha iomchuí dá sealúchas a fhiosrú.
- Cuirtear iarratais ar ghníomhartha tírdhreacha (i bhfoirm Plean Oibre Bliantúil Gníomhaíochta Tírdhreacha) faoi bhráid na Roinne ag Foirne Tionscadail Comhoibrithe thar ceann rannpháirtithe ina gcriosanna faoi seach.
- Tá faisnéis faoi na Gníomhartha Tírdhreacha atá ar fáil faoi chur chuige Comhoibrithe na Scéime Agra-Chomhshaoil Aeráide Tuaithe ar fáil ar shuíomhéasáin na Roinne.