An tríú ráig den fhliú éanúil ardphataigineach deimhnithe i dtréad tráchtála turcaithe i gCo. Mhuineacháin
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ráig eile den fhliú éanúil ardphataigineach H5N1 i dtréad tráchtála turcaithe in aice le Cluain Tiobrad, Co. Mhuineacháin. Tá criosanna srianta curtha i bhfeidhm timpeall an ghabháltais atá buailte, ina bhfuil crios cosanta 3km agus crios faireachais 10km i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an AE. Seo i ndiaidh dhá ráig an tseachtain seo caite, i dtréada turcaithe i gCo. na Mí agus Co. Cheatharlach.
Leanann an fhorbairt seo cur i bhfeidhm ordú éigeantach de chur faoi dhíon ag an Aire do gach éanlaith chlóis agus éan gafa, a tháinig i bhfeidhm Dé Luain an 10 Samhain. Áirítear leis na Rialacháin sin cosc ar bhailiú éan ó áitribh éagsúla chun na héin a chosaint ar an mbaol ionfhabhtaithe m.sh. seónna, aontaí, díolacháin.
Dúirt an tAire Heydon:
“Leagann an tríú ráig seo béim ar an mbaol leanúnach atá ann d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa maidir leis an bhfliú éanúil.” Tá a fhios againn go bhfuil an víreas ag scaipeadh i measc éin fhiáine ar fud na tíre. Cabhróidh na rialacháin bhithshlándála éanlaithe clóis éigeantacha agus an t-ordú de chur faoi dhíon atá tugtha isteach agam, leis an riosca leanúnach a mhaolú, ach is é aird dhian agus mhionchúiseach ar bhithshlándáil ag gach duine a choinníonn éanlaith chlóis nó éin ghafa an bealach is fearr chun ár dtréada a chosaint ar ráigeanna breise le linn na tréimhse geimhridh seo a bhfuil riosca níos airde bainteach léi. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do na húinéirí tréad a ndeachaigh na ráigeanna seo i bhfeidhm orthu, agus buíochas a ghabháil le coimeádaithe éanlaithe clóis ar fud na tíre as a gcomhoibriú leanúnach agus a dtiomantas láidir chun na caighdeáin bhithshlándála is airde a choinneáil.”
Tugann an Lárionad Faireachais um Chosaint Sláinte de chuid FSS (FSS-HPSC) agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc (ECDC) le fios go bhfuil an riosca don tsláinte phoiblí ón tréithchineál den Fhliú Éanúil atá ag scaipeadh an-íseal. Moltar do bhaill den phobal gan éin fhiáine bhreoite nó mharbha a láimhseáil agus éin fhiáine bhreoite nó mharbha a thuairisciú d’aip seiceála éan na Roinne (AvianCheck).
Cuireann an Roinn i gcuimhne do gach úinéir tréada, beag beann ar mhéid an tréada:
- Cloí go hiomlán leis na rialacháin de chur faoi dhíon agus bhithshlándála
- Bheith san airdeall ar chomharthaí galair, agus
- Aon amhras faoin bhfliú éanúil a thuairisciú dá noifig tréidliachta réigiúnach áitiúil, nó lasmuigh d’uaireanta gnó, teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach Éigeandála Náisiúnta do Ghalair ar 01 492 8026
- Ní mór d’aon tréad éanlaithe clóis neamhchláraithe, fiú cinn bheaga sa chlós cúil, clárú leis an Roinn.
Nótaí
Tháinig bearta bithshlándála éigeantacha i bhfeidhm Dé Sathairn, an 1 Samhain 2025, agus tá siad ceaptha chun ráigeanna den Fhliú Éanúil Ardphataigineach (HPAI) a chosc in éanlaith chlóis agus in éin ghafa. Éilíonn na rialacháin sin go gcuirfidh coimeádaithe gach tréada éanlaithe clóis (agus éan gafa eile) bearta bithshlándála sonracha i bhfeidhm, beag beann ar mhéid, chun cabhrú le riosca an víris a mhaolú, agus bearta bithshlándála feabhsaithe breise nach mór a chur i bhfeidhm i dtréada de 350 éan nó níos mó.
- Tháinig ordú de chur faoi dhíon d’éanlaith chlóis i bhfeidhm Dé Luain, 10 Samhain 2025. Faoi na bearta sin, ní mór Éanlaith chlóis agus éin ghafa a choinneáil faoi dhíon nó i gcoimeád ar bhealach nach mbeidh rochtain acu ar éanlaith chlóis eile, ar éin ghafa, ná ar éin fhiáine. Ina theannta sin, ní cheadaítear imeachtaí a eagrú ná páirt a ghlacadh in imeachtaí lena mbaineann éin bheo a bhailiú ó áitribh éagsúla m.sh. seónna, aontaí, margaí nó díolacháin, chun na héin féin a chosaint ar an mbaol ionfhabhtaithe.
- Tá crios cosanta (PZ) de gha 3km ar a laghad ó na gabháltais ionfhabhtaithe agus crios faireachais (SZ) de gha 10km ar a laghad curtha i bhfeidhm. Déanfar áireamh ar na gabháltais uile laistigh den chrios cosanta PZ agus den chrios faireachais SZ agus cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm chun gluaiseachtaí d'éanlaith chlóis bheo, éin ghafa eile, uibheacha goir agus uibheacha boird, bruscar úsáidte, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaithe clóis a rialú. Níl aon cheanglas ann an ghluaiseacht de bheatha éanlaithe clóis a rialú ach amháin chuig áitreabh “amhrasach” nó “ionfhabhtaithe”. Mar sin féin, tá bearta bithshlándála i bhfeidhm maidir le gluaiseacht d'fheithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éanlaithe clóis sna Criosanna Srianta (PZ & SZ).
- Comharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaithe éanlaithe a bheith ag faire amach dóibh ina n-éan ná ceann ata, dath neamhghnách ar an muineál agus an scornach, easpa goile, anacair riospráide, buinneach agus laghdú ar líon na n-uibheacha – cé go n-athraíonn siad sin idir speicis éan.
- Má cheapann tú go bhfuil galar i do thréad féin, cuir an Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit ar an eolas nó glaoigh ar an Líne Chabhrach maidir le Fliú Éanúil: 01 607 2512 (Lasmuigh d'uaireanta Oifige: 01 492 8026).
- Má aimsíonn tú éin fhiáine bhreoite nó mharbha amhail lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhsigh na héin. Tuairiscigh na torthaí don Roinn mar atá thuas nó tríd an Aip Thuairiscithe ar Fhliú Éanúil maidir le hÉin Fhiáine (AvianCheck).
- Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfliú éanúil a fháil ar shuíomh gréasáin an Rialtais ag www.gov.ie/birdflu