English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscadal na gCruach Dubh Seolta ag an Aire Creed

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. Tionscadal na gCruach Dubh inniu, tionscadal talmhaíochta é seo atá á riar go háitiúil agus atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tá an tionscadail seo - Plean Talmhaíochta Inbhuanaithe do na Cruacha Dubha - ar cheann de 23 thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) atá á gcómhaoiniú ag an Roinn faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 na Roinne.

Is é aidhm an tionscadail gníomhartha praiticiúla indéanta agus réitigh nuálacha a fhorbairt d'fhonn dul i ngleic le saincheisteanna atá feirmeoirí na gCruach Dubh ag dul i ngleic leo. Déanfar seo trí scéim talmhaíochta phíolótach ceithre-bliana a riarfar go háitiúil a fhorbairt d'fhonn bithéagsúlacht an láithreáin Natura 2000 ar leith seo a thabhairt ar ais, a chaomhnú agus cur leis. Tá nach mór €1 milliún leithdháilte ag an Roinn don Tionscadal.

Dúirt an tAire Creed ag an seoladh "Trí scéimeanna a bheith ann atá á stiúradh agus á leagan amach ar bhonn áitiúil, cuirtear solúbthacht níos mó ar fáil chun dul i ngleic leis na dúshláin faoi leith a bhaineann le ceantair éagsúla". Dúirt sé go raibh 6 EIP ar thalamh ard, lena n-áirítear tionscadal Chiarraí seo, á mhaoiniú faoi RDP reatha agus tharraingt sé aird ar an deis a bhí ann eolas agus turais foghlamtha a roinnt i measc na ngrúpaí seo. Mar fhocal scoir agus é ag moladh an róil a bhí ag feirmeoirí áitiúla sa tionscadal dúirt sé "ní amháin go gcuirfidh an méid atá siad a dhéanamh trína ngníomhartha lena dtimpeallacht agus lena bpobail féin ach beidh ról níos mó fós acu ar fud na tíre nuair a scaipfear torthaí an tionscadail seo".

Is faoi stiúir Chomhpháirtíocht Forbartha Dheisceart Chiarraí CLG atá an tionscnamh seo. Áirítear ann chomh maith feirmeoirí áitiúla, pearsanra ón tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra agus Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, comhairleoirí feirme na gCruach Dubh, Comhairle Chontae Chiarraí agus ionadaithe ó ghrúpaí pobail áitiúla.

Nótaí d'Eagarthóirí

Beart comhoibre é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP) Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibríochta a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana agus iad a chur i bhfeidhm trí a bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le €59 milliún ar an iomlán a chur ar fáil do Thionscadail EIP; €24m de sin le leithroinnt ar thionscadail EIP níos lú arna roghnú trí phróiseas iomaíoch Glao Oscailte. Tá €35m eile ar fáil do thionscadail Chromán na gCearc agus an Diúilicín Péarla Fionnuisce.

Cuireadh tús le Glao 1 de phróiseas iomaíoch an EIP i mí na Nollag 2016 nuair a tionóladh glao oscailte ar dtús chun smaointe a fháil agus tugadh cuireadh do dhaoine tograí a chur isteach. Eisíodh Glao 2 faoin tionscnamh seo i mí Lúnasa 2017. I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na tograí sin, roghnaíodh 21 thionscadal. Ina theannta sin, tá dhá mhórthionscadal faoin tionscnamh EIP i gceist a bhaineann le speicis atá i mbaol - Tionscadal Chromán na gCearc ar fiú €25m í agus Tionscadal an Diúilicín Péarla ar fiú €10m é.

Is féidir eolas faoi thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar láithreán gréasán na Roinne DAFM - European Innovation Partnership nó trí theagmháil a dhéanamh le eip@agriculture.gov.ie

Tionscadal na gCruach Dubh - Plean Talmhaíochta Inbhuanaithe do na Cruacha Dubha

Is laistigh de dhobharcheantar na Cruach Dubh atá an tionscadal. Téann sé ó Bhearna an Choimín san oirthear go Gleann Chárthaigh an iarthar agus ó Bhealach Chiarraí ó dheas go bunchnoc na gCruach ó thuaidh. Clúdaíonn sé achar talún os cionn 100km cearnach ina gcuimsítear os cionn ocht míle heicteáir de thalamh Natura ainmnithe.

€950,000 leithdháilte air faoi RDP.

CRÍOCH