English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

"Tionscnamh na nAigéan Glan" seolta ag Creed sprioc leagtha amach go mbeidh 100% de thrálaeir na hÉireann chun plaisteach a thabhairt as an bhfarraige le linn gach turas iascaireachta

Tá Tionscnamh na nAigéan Glan fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara, Michael Creed TD agus tá iarrtha aige ar fhlít trálaeireachta na hÉireann ar fad a bheith rannpháirteach sa scéim faoin 31 Nollaig 2019. An aidhm atá aige go mbeadh gach trálaeir ag gach cé agus calafort de chuid na hÉireann rannpháirteach go gníomhach sa chéad tionscnamh comhordaithe ar muir agus ar talamh chun bruscar muirí a bhailiú, a laghdú agus a athúsáid chun an timpeallacht mhuirí a ghlanadh. Cuirfidh an tionscnamh leis an bhfeachtas Fishing for Litter ar éirigh thar cionn leis agus leis tá dúshlán tugtha ag an Aire do BIM chun dul i mbun oibre le tionscal na hiascaireachta chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh 100% de thrálaeir na hÉireann rannpháirteach i dTionscnamh na nAigéan Glan faoi dheireadh 2019. Tuairisceoidh BIM chuige go ráithiúil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach.

Ag seoladh Tionscnamh na nAigéan Glan i gcalafort iascaireachta Bhréantrá, dúirt an tAire Creed:

"Aithním go bhfuil gníomh comhordaithe ag teastáil ar muir agus ar talamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhór a bhaineann le truailliú na nAigéan le plaistigh. Cuireann sé seo ár stoic éisc, an timpeallacht mhuirí i gcoitinne agus todhchaí thionscal na hiascaireachta i mbaol. Táim ag tabhairt dúshlán do thionscal na hiascaireachta chun fasach domhanda a leagan síos trína mbeidh na trálaeir iascaireachta ar fad ag glanadh agus ag tabhairt plaisteach as an bhfarraige gach lá le linn dóibh bheith i mbun oibre ar farraige. Rachaidh sé seo chun leasa na timpeallachta muirí, stoc éisc agus an tionscail iascaireachta. Táim muiníneach go mbeidh tionscal na hiascaireachta in ann don dúshlán seo agus go n-éireoidh linn sampla a thabhairt do náisiúin eile."

Dúirt Creed ina dhiaidh sin:

"Ní féidir an fhadhb a bhaineann le plaisteach sa bhfarraige a réiteach ach amháin trí chomhoibriú le chéile. Is é is aidhm le “Tionscnamh na nAigéan Glan” de chuid na hÉireann, atáim a sheoladh inniu, ná gach ball d'earnáil bia mara na hÉireann agus na pobail a bhaineann léi a thabhairt le chéile le gníomh a ghlacadh – i ngach calafort, cuan agus cé iascaireachta in Éirinn. Creidim go gcuirfidh tionscal na hiascaireachta leis an obair mhór atá ar bun, ar bhonn deonach, sa tionscal go dtí seo maidir le fadhb bruscar muirí, go mbeidh gach trálaer de chuid na hÉireann rannpháirteach lena léiriú mar is féidir linn dul i ngleic leis an dúshlán mór domhanda seo. Tá freagracht ar gach duine maidir le bruscar muirí agus tá sé i gceist againn glacadh leis an bhfreagracht sin trí “Tionscnamh na nAigéan Glan” in Éirinn.”"

Tá iascairí i mbun a gcuid oibre, gan dochar don fharraige, ó thús ama. Amhail an Aire Creed, tá an t-ábhar imní céanna acu agus beidh ról lárnach acu chun plaistigh dhiúscartha a thabhairt as an bhfarraige. Bíonn na hárthaigh iascaireachta ag tarraingt eangach trí na huiscí atá mórthimpeall ár an gcósta ar bhonn laethúil agus is minic a fhaightear smionagar, lena n-áirítear dramh-phlaistigh, nuair a tharraingítear na heangacha. Tá an tAire Creed ag iarraidh cuidiú leis na hiascairí le go mbeidh siad in ann an dramhaíl seo a thabhairt ar ais ó thurais iascaireachta agus tá sé ag spreagadh iascairí chun a mhéad plaisteach agus is féidir a thabhairt as farraigí na hÉireann. Tá maoiniú curtha ar fáil aige faoi Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (EMFF) na hÉireann chun tacú le “Tionscnamh na nAigéan Glan” chun saoráidí stórála ar bord agus bonneagair ar talamh a chur ar fáil le go mbeifear in ann fáil réidh le plaistigh, dramhaíl agus trealamh sí ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Beidh bonneagar ar talamh ar fáil chomh maith d'iascairí agus d'oibritheoirí dobharshaothraithe chun fáil réidh le trealamh iascaireachta nach bhfuil ag teastáil chomh maith le hearraí eile a bhfuil plaisteach iontu.

Chomh maith le “Tionscnamh na nAigéan Glan” d'iarr an tAire Creed ar BIM foireann chomhoibríoch a chur le chéile chun ionadaíocht a dhéanamh ar na páirtithe leasmhara ar fad chun díriú ar réitigh maidir le bruscar muirí a chosc agus a thabhairt as an bhfarraige. Cuimseoidh an fhoireann iascairí agus feirmeoirí éisc, lucht déanta eangach, údaráis cuan, próiseálaithe éisc, grúpaí pobail, Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna), acadóirí agus NGOnna. Tá iarrtha aige freisin ar BIM teagmháil níos fairsinge a dhéanamh le pobal an chósta i gcoitinne, ar cuid ríthábhachtach agus bunúsach den phobal iad an dream a oibríonn le bia mara, agus tuairisciú chuige faoi dheireadh 2019 le moltaí maidir le réitigh nuálacha eile chun bruscar muirí a chosc agus a thabhairt as an bhfarraige.

Ní scéal nua é timpeallacht na farraige a bheith á truailliú agus is plaisteach suas le 80% den smionagar a bhíonn le fáil i bhfarraige. Táirgeadh 335 thonna méadrach de phlaisteach ar domhan in 2016. Níl plaistigh in-bhithmhillte ach le solas an lae briseann siad síos ina gcáithníní beaga bídeacha. Mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le dramh-phlaistigh d'fhiadhúlra na mara tá taighde ar bun chun méid na faidhbe a mheas. Fáiltítear roimhe seo ach mar sin féin ní féidir linn obair feabhais a chur siar agus dá bharr sin tá sé beartaithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara gníomh a ghlacadh láithreach agus gach beart indéanta a chur chun cinn chun cosc a chur ar phlaistigh ag dul isteach sa timpeallacht mhuirí agus chun an méid plaistigh agus is féidir a thabhairt as an bhfarraige a luaithe agus is féidir.

CRÍOCH