Tosaíocht Náisiúnta is ea Buiséad CAP a Chosaint - Creed
- Foilsithe: 20 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2020
Le linn phléití na seachtaine seo ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) an AE don tréimhse 2021-2027 leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu béim ar an ríthábhacht a bhaineann le buiséad CAP a chosaint.
Dúirt an tAire Creed, sular thosaigh Cruinniú urghnách de Chomhairle Eorpach na seachtaine seo sa Bhruiséil:
"Is ríshoiléir atá seasamh na hÉireann maidir le CAP. Tosaíocht náisiúnta is ea é a chosaint agus thug an Taoiseach le fios, go breá soiléir, go mbeidh sé ag troid ar son fheirmeoirí na hÉireann sna laethanta beaga atá romhainn chun a leasa sin a chosaint."
Cuirfear tús le hidirbheartaíochtaí sa Bhruiséil an 20 Feabhra, faoi Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel. Áirítear leithdháiltí na gcistí do CAP a laghdú ar mholtaí an Coimisiúin. Ach, tá roinnt de na ballstáit atá den tuairim nach leor iad na moltaí seo, agus tá siad ag lorg níos mó laghduithe ar ranníocaíochtaí na mballstát chuig an mBuiséad, 1.14% den Ollioncam Náisiúnta atá molta ag an gCoimisiún Eorpach, agus tá na ballstáit ag iarraidh nach mbeidh sé ach ag 1%. Ina theannta sin, tá na pléití seo á reáchtáil i gcomhthéacs brúnna breise buiséid, lena n-áirítear cinneadh na Ríochta Aontaithe cúl a thabhairt don AE, méadú ar éilimh ó bhallstáit i réimsí mar imirce agus slándáil, agus an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na hoibleagáidí, atá ag dul i méid, i ndáil le hathrú aeráide.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:
"Is ríthábhachtach iad an earnáil talmhaíochta agus an earnáil bia don Aontas Eorpach. Cuireann siad cinnteacht bia, cosaint do chreatlach eacnamaíoch cheantair thuaithe ar fáil, déanann siad an baol a bhaineann le tréigeadh talaimh a mhaolú agus cuireann earraí timpeallachta agus earraí poiblí eile ar fáil. Is é CAP an t-ardán ar a bhfuil na hearraí poiblí seo bunaithe. Mar sin, i rith na bpléití a mbeidh tús á gcur leo amárach, is ar bhuiséad CAP a chosaint a bheidh Éire ag díriú. Go deimhin, ní raibh sé chomh tábhachtach riamh, agus muid ag iarraidh ar fheirmeoirí tabhairt faoi chuspóirí timpeallachta a bhaint amach, go gcuirfimis buiséad leordhóthanach ar fáil dóibh chun sin a dhéanamh."
Crioch.