English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuarascáil ar dhul chun cinn Ghrúpa na Mairteola agus na gCaorach Fhís an Bhia foilsithe

Inniu ghlac an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, le Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ó Chathaoirleach Ghrúpa na Mairteola agus na gCaorach Fhís an Bhia, an tOllamh Thia Hennessy. Ghabh an tAire buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an ngrúpa as an obair atá déanta acu go dtí seo.

Nuair a bunaíodh an Grúpa i mí an Mheithimh, dúirt an tAire McConalogue gur theastaigh uaidh go mbeadh todhchaí na hearnála as seo go ceann deich mbliana á soiléiriú ag an nGrúpa. Lárnach san obair seo beidh ár gcumas measúnú a dhéanamh ar conas is féidir linn gach gné inbhuanaitheachta a chomhlíonadh – comhshaol, sochaíoch agus geilleagrach. Dúirt sé gur chéad chéim thábhachtach don Ghrúpa ba ea plean a fhorbairt chun cabhrú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an earnáil mhairteola a laghdú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:

“Tuigim nach bhfuil na bearta atá sonraithe ag an gcéim eatramhach seo comhaontaithe ag an nGrúpa, agus go ndéanfar tuilleadh machnaimh orthu mar chuid den anailís mhionsonraithe a dhéanfaidh an Grúpa. Ní mór a thuiscint go bhfuil gach cuid den earnáil ag obair le chéile agus go bhfuil iarracht á déanamh teacht ar an gconair inbhuanaithe is fearr don earnáil amach anseo.

“Is ceannaire domhanda é Éire chomh fada is a bhaineann le táirgeadh sábháilte, inbhuanaithe agus intrádála mairteola. Táimid ag iarraidh cur leis an mbonnsraith seo agus a bheith níos inbhuanaithe fós sna blianta amach romhainn. Ní mór dúinn gníomhú ar bhonn práinne chun ár ngealltanais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun dea-cháil na hÉireann mar tháirgeoir inbhuanaithe mairteoil ar ardchaighdeán a chosaint.

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le baill an Ghrúpa as an obair mhór atá déanta acu go dtí seo, agus molaim do gach páirtí leasmhar leanúint ar aghaidh ag obair le chéile agus tuarascáil deiridh a chur ar fáil. Táim ag súil leis an tuarascáil deiridh a fháil roimh dheireadh mhí na Samhna.”

Tá an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn le fáil anseo.