Tuarascáil deiridh an Ghrúpa Déiríochta um Fhís Bia faighte ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Inniu ghlac an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, le tuarascáil deiridh an Ghrúpa Déiríochta um Fhís Bia. Ghlac an tAire buíochas leis an nGrúpa agus le cathaoirleach an Ghrúpa as an obair iontach a rinne siad chun an tuarascáil mhionsonraithe a chur i dtoll a chéile.
Cuimsítear sa tuarascáil bearta maidir le conas astaíochtaí gáis ceaptha teasa ón earnáil déiríochta a mhaolú agus tá sé curtha faoi bhráid an Aire ag Cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh Gerry Boyle. Thug an tAire aitheantas don obair mhór atá déanta ag an nGrúpa chun an tuarascáil deiridh seo a chur i dtoll a chéile, agus ghabh sé buíochas leis an Ollamh Boyle agus le baill an Ghrúpa as a rannpháirtíocht ghairmiúil agus dhíograiseach sa phróiseas.
I mí Eanáir 2022, bhunaigh an tAire McConalogue an Grúpa Déiríochta um Fhís Bia, príomhchuspóir thuarascáil Fhís Bia 2030, agus ba é an príomhchúram a bhí sonraithe bearta a shainaithint ar féidir leis an earnáil déiríochta a chur i gcrích chun cabhrú le hastaíochtaí talmhaíochta a chobhsú agus a laghdú agus treo foriomlán na hearnála suas go dtí 2030 a shonrú. Páirteach sa Ghrúpa, atá faoi chathaoirleacht an Ollaimh Gerry Boyle, tá ionadaithe ó eagraíochtaí feirme, an tionscal próiseála déiríochta, lucht acadúil, gníomhaireachtaí ábhartha Stáit agus gníomhaireachtaí eile, mar aon leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá 19 moladh sonraithe sa tuarascáil a ndearnadh mionphlé orthu, lena n-áirítear bearta a bhfuil tionchar díreach acu, ar féidir a dtionchar a thomhas go díreach i bhfardal náisiúnta na n-astaíochtaí talmhaíochta, agus gníomhaíochtaí cumasúcháin, nach bhfuil sonraithe san fhardal, ach a thacaíonn le agus a chumasaíonn glacadh le bearta díreacha.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh Gerry Boyle:
“Chuir an próiseas seo ar chumas gach páirtí leasmhar ról a bheith acu sa tslí ar féidir le tionscal déiríochta na hÉireann a ghealltanais maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh. Creidim go gcuimsítear peirspictíochtaí éagsúla na bpáirtithe leasmhara ar fad sa tuarascáil seo i ndiaidh naoi mí a chaitheamh i mbun dianphlé. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na páirtithe leasmhara ar fad as cur ar bhealach dearfach leis an bpróiseas seo. Ainneoin tréaniarrachtaí a bheith déanta ag gach duine a bhí páirteach sa phróiseas, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú d'aon ghuth, agus sa chás go bhfuil páirtithe leasmhara in amhras, tá aird tarraingthe ar na pointí amhrais sin go soiléir sa tuarascáil agus táim dóchasach, i rith an phlé a dhéanfar amach anseo, go n-éireoidh linn déileáil ar bhealach sásúil leis na hábhair imní.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
“Is mian liom buíochas a ghabháil le baill an Ghrúpa Déiríochta um Fhís Bia as an méid ama agus dua a chaith siad i mbun an phróisis seo, agus déanfar staidéar cúramach ar an tuarascáil seo sula ndéanfar cinneadh maidir leis na chéad chéimeanna eile. Is é an aidhm atá ann ár dtionscal déiríochta den chéad scoth a chosaint amach anseo, tionscal a rachaidh chun tairbhe ár dtionscail, an chomhshaoil agus ár dteaghlach feirme atá ag tacú leis an earnáil iomlán.”