Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire McConalogue Misean Trádála Mór Éireannach Agraibhia go dtí Réigiún na Murascaille

Tabharfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., misean trádála mór Éireannach agraibhia go Réigiún na Murascaille inniu.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá ríméid agus onóir orm an chéad mhisean trádála fisiciúil a stiúradh sa domhan i ndiaidh COVID. Margadh lena mbaineann tábhacht straitéiseach é Réigiún na Murascaille dár n-easpórtálacha bia agus tá obair as cuimse déanta ag an mBord Bia i dtaobh an réigiún a fhorbairt.

“Léiríonn an misean trádála seo an uaillmhian sa straitéis Fís don Bhia 2030 le deiseanna luachmhara margaidh a fhorbairt níos mó dár dtorthaí ardchaighdeáin, sábháilte agus inbhuanaithe bia. Creidim go gcuireann Réigiún na Murascaille acmhainn shuntasach bhorrtha ar fáil d’easpórtálacha bia Éireannacha. Tá bís orm casadh le ceannaitheoirí sa réigiún agus iad a chur ar an eolas ar na táirgeoirí bia den chéad scoth, ár sártheaghlaigh feirme agus ár bpróiseálaithe agus margóirí nuálacha. Is é Réigiún na Murascaille crosaire bia an domhain agus tapóimid gach deis scéal iontach bhia na hÉireann a insint."

I measc an sceidil ghnóthaigh beidh an t-imeacht Gulfood 2022 in Dubai, ceann de na haonaigh bhia is mó ar domhan, misean trádála dhá lá go dtí an Araib Shádach, agus críochnófar le rannpháirtíocht an Aire sa tseachtain Bhia, Talmhaíochta agus Slite Maireachtála ag MÓRAONACH 2020 in Dubai, áit arb í Éire ceann de 85 tír a bhfuil pailliún náisiúnta acu.

Áireofar leis an misean cruinnithe Rialtais in Dubai agus Riyadh; rannpháirtíocht a d’éascaigh an Bord Bia le cuideachtaí bia Éireannacha agus lena gcustaiméirí trádála; agus bíonn cruinnithe agus imeachtaí i gceist leo i measc na n-earnálacha déiríocht, feola, bianna ullmhaithe, agus rásaíochta capall. Anuas ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Bord Bia, glacfaidh Fiontraíocht Éireann agus Córais Bhia Inbhuanaithe Éireann páirt sa mhisean trádála, a eagraíodh i ndlúth-chomhoibriú le hAmbasáidí na hÉireann in Abú Daibí agus Riyadh.

Dúirt an tAire McConalogue, mar fhocal scoir,

“Mar aitheantas ar thábhacht réigiún na Murascaille, cheap mo Roinn attaché talmhaíochta le hAmbasáid na hÉireann le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Tá súil agam go gcuiridh an misean seo le cáil dhomhanda na hÉireann san agraibhia agus go gcuirfidh sé chun cinn é; a forbraíodh ar bhunchloch fheirmeacha teaghlaigh na hÉireann, cáilíocht agus torthaí inbhuanaithe a tháirgeadh”.

Nótaí d’Eagarthóirí

B’fhiú easpórtálacha agraibhia chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Ríocht na hAraibe Sádaí agus breis agus €155 milliún anuraidh, agus ba tháirgí déiríochta ba mhó a bhí iontu, ach tháinig borradh suntasach faoi easpórtálacha bianna ullmhaithe tomhaltóra.

Achoimre ar an gCúrsa Taistil

Dé Sathairn, an 12 Feabhra 2021

Fágáil agus aghaidh a thabhairt ar Dubai

Dé Domhnaigh, an 13 Feabhra 2021

Cuairt Mhargaíochta Capaill Folaíochta

Imeachtaí Meán

Imeachtaí agus cruinnithe gnó Gulfood le cuideachtaí Éireannacha agus lena gcustaiméirí trádála

Fáiltiú Mhóraonach Dubai do chliaint Gulfood

Dé Luain, an 14 Feabhra - Dubai

Idirchaidreamh leis na meáin

Seimineár Cliant an Bhoird Bhia

Cruinniú idir an dá Rialtas in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Imeacht Idirchaidrimh Custaiméirí san Afraic

Cruinnithe gnó

Imeachtaí meán

Dinnéar Chlub Mairteola Chefanna na hÉireann

Fágfaidh an tAire le triall ar Riyadh

Dé Máirt, an 15 Feabhra - Riyadh

Cruinnithe idir an dá Rialtas i Ríochta na hAraibe Sádaí

Cruinnithe gnó

Fáiltiú Ambasáid na hÉireann

Dé Céadaoin An 16 Feabhra - Riyadh

Cruinnithe gnó

Cruinnithe idir an dá Rialtas

Eitilt fillte ar Dubai

Déardaoin, an 17 Feabhra - Dubai

Imeachtaí gnó agus meán

Idirchaidreamh le custaiméirí

Seimineár i bPailliún na hÉireann ag an Móraonach “Córais Bhia Inbhuanaithe: Samhail Fáis na hÉireann”

Cruinnithe gnó

Idirchaidreamh leis na meáin

Dé hAoine, an 18 Feabhra 2022

Dubai a fhágáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat