Tugann McConalogue rabhadh faoi mhéadú ar bhaol fhliú na n-éan d’ealtaí éanlaithe
- Foilsithe: 1 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, rabhadh faoin méadú ar an mbaol d’ealtaí éanlaithe de thoradh ionradh fhliú na n-éan.
“Le roinnt seachtainí anuas tharla go leor ráigeanna de fhliú na n-éan in ealtaí éanlaithe ar fud na hEorpa. Tharla na ráigeanna sin mar thoradh ar thréithchineál H5N1 an víris atá thar a bheith pataigineach. Ina theannta sin, braitheadh roinnt cásanna de víreas H5N5 fhliú na n-éan in éin fhiáine sa Bhreatain Mhór an Fómhar seo. Cé nár bhraitheamar aon chásanna dá leithéid in éanlaith nó in éin fhiáine na hÉireann i mbliana, tá an riosca ag dul i méid anois. Is é an chúis leis sin ná go bhfuil éin fhiáine ag déanamh imirce anois le haghaidh an gheimhridh, agus mar gheall ar na teochtaí níos fuaire agus an laghdú ar uaireanta sholas an lae, is féidir le haon víreas fhliú na n-éan arna scaipeadh sa timpeallacht ag éin fhiáine ionfhabhtaithe fanacht ansin níos faide”, a deir an tAire.
“Is féidir le feirmeoirí éanlaithe agus iad siúd ag a bhfuil éin i ngéibheann gníomh a ghlacadh chun an riosca go n-éireodh a gcuid ealtaí ionfhabhtaithe a laghdú, agus chun tionscal éanlaithe na hÉireann a chosaint. Is é an bealach is tábhachtaí leis sin a dhéanamh ná bithshlándáil dhian. Tá cód cleachtais bithshlándála le haghaidh éanlaithe tiomsaithe ag mo Roinn i dteannta le páirtithe leasmhara, agus is féidir le daoine céimeanna agus treoirlínte praiticiúla a fháil ann faoi conas an bhithshlándáil a chur i bhfeidhm, agus é sin ar fáil ar líne”, a luaigh sé.
Ba cheart d’úinéirí éanlaithe agus iad siúd a choinníonn éin i ngéibheann bheith san airdeall ar aon chomharthaí galair ina gcuid ealtaí, na bearta bithshlándála is airde a choinneáil i bhfeidhm agus tuairisc a thabhairt ar aon amhras faoi ghalar, gan mhoill don Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire dóibh.
I gcás baill den phobal a d’fhéadfadh teacht ar éin fhiáine bhreoite nó mharbha moltar dóibh gan iad a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar éin fhiáine bhreoite nó mharbha don Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara trína Aip chun Fliú na nÉan in Éin Fhiáine a thuairisciú (AvianCheck). Tá córas luathrabhaidh i bhfeidhm anois leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le faire amach do chomharthaí galair in éin fhiáine.
DEIREADH
Nótaí d’eagarthóirí
Tá an cód cleachtais bithshlándála le haghaidh éanlaithe ar fáil anseo: gov.ie- Biosecurity Code of Practice for Poultry