English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann na hAirí Heydon agus Healy-Rae suntas do scor le honnmhairí lomán na hAlban go hÉirinn

Tar éis do Chigirí Foraoiseachta na Roinne teacht ar chiaróga coirte learóige (Ips cembrae) i gceann dá gaistí fearamóin ar an bPasáiste i gCorcaigh i mí Lúnasa na bliana seo caite, cuireadh onnmhairiú lomán buaircíneach ó Limistéar Saor ó Lotnaidí na hAlban go hÉirinn ar sos ar bhonn réamhchúraim, agus imscrúdú iomlán ag údaráis na hAlban ar feitheamh. Le linn an ama seo, lean an Roinn ar aghaidh ag plé go dlúth le comhghleacaithe in Albain agus i dTuaisceart Éireann.

Chuir Scottish Forestry in iúl don Roinn an tseachtain seo caite nach féidir léi ráthaíocht a thabhairt go bhfuil PFA na hAlban saor ó chiaróga coirte Ips cembrae agus, mar sin, nach féidir léi ceanglais allmhairithe fíteashláintíochta an AE a chomhlíonadh a thuilleadh. Faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO) agus caighdeáin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC), is faoi na hEagraíochtaí Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPOnna) stádas aon lotnaidí ar a gcríocha a chinneadh, agus an seasamh sin a chur in iúl do chomhpháirtithe trádála. Cuireann an teachtaireacht seo ó údaráis na hAlban deireadh go bunúsach leis an trádáil i lomáin chruinne bhuaircíneacha le hÉirinn.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:

“Tá Straitéis shoiléir um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil ag mo Roinn mar thaca lenár n-earnálacha talmhaíochta, gairneoireachta agus foraoiseachta. Tá Éire saor ó go leor de na ciaróga coirte, ar lotnaidí foraoise iad, atá le fáil san Eoraip agus sa Bhreatain Mhór. Tá sé an-tábhachtach do thodhchaí na foraoiseachta an stádas saoirse ó lotnaidí a choinneáil i bhfianaise thábhacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus sóisialta na hearnála d’Éirinn.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD:

“Agus deireadh á chur leis an trádáil i mbuaircínigh, ag eascairt as stádas athraithe Ips cembrae sa PFA, tabharfar aghaidh ar an mbaol a bhaineann le lotnaid fhoraoise atá díobhálach agus dochrach a thabhairt isteach in Éirinn. Leanfaidh m’oifigigh le suirbhé fairsing a dhéanamh le haghaidh speicis ciaróg coirte an Chrios Cosanta agus raon lotnaidí foraoise eile a d’fhéadfadh a bheith díobhálach ar fud na tíre in 2025.”

Choinnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorbairtí ar an PFA trína nGrúpa Páirtithe Leasmhara um Shláinte Foraoise, a tháinig le chéile trí huaire in 2024 agus a cuireadh ar bun faoina Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil.


Nótaí d’Eagarthóirí

Is limistéar é Limistéar Saor ó Lotnaidí (PFA) na hAlban atá aitheanta ó 2005 mar limistéar saor ó roinnt lotnaidí ciaróg coirte, nach bhfuil ar oileán na hÉireann ach oiread. Leis an aitheantas seo ar shaoirse ó lotnaidí is féidir lomáin chruinne bhuaircíneacha a onnmhairiú ón PFA go hoileán na hÉireann, le teastas fíteashláintíochta a dheimhníonn gur as an gceantar seo a tháinig an t-adhmad.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Ips cembrae féach an Bhileog Eolais maidir le Lotnaidí Plandaí de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.