Turas le déanamh ag an Aire Creed chun na Portaingéile agus chun na Spáinne do Lá Fhéile Pádraig
- Foilsithe: 16 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Taistealóidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD chuig an bPortaingéil agus chuig an Spáinn Dé Sathairn mar chuid de shraith bhliantúil cuairteanna Rialtas na hÉireann chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh.
Chuir an tAire béim roimh ré ar an tábhacht a bhaineann leis na cuairteanna sin agus cúrsaí mar atá faoi láthair leis an mBreatimeacht:
"Cuirtear deis ar leith ar fáil le féile Lá Fhéile Pádraig, a bhíonn á ceiliúradh anois ar fud an domhain, do Rialtas na hÉireann chun Éire a chur os comhair an domhain. Déanfar an ceangal láidir atá idir Éire agus an Phortaingéil agus an Spáinn a athnuachan agus cothófar caidrimh ghnó an t-am céanna is atá muintir na hÉireann atá ag cur fúthu thar lear agus an méid atá bainte amach acu á cheiliúradh ar fud an domhain. Tá mé ag súil le dealbh Cristo Rei a fheiceáil a bheidh páirteach sa tionscnamh Glasaithe Domhanda.
"I gcomhthéacs na Ríochta Aontaithe a bheith ag imeacht as an AE ar an 29 Márta, b'fhéidir, is é dearcadh Rialtas na hÉireann i gcónaí é gurb é an bealach is fearr lena chinntiú go n-imeoidh an Ríocht Aontaithe ar bhealach ordúil agus go gcosnaítear Comhaontú Aoine an Chéasta agus sláine an Mhargadh Aonair ná an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú. De bharr na neamhchinnteachta,tá tábhacht níos mó anois le mo thurais. Beidh a bhfuil i gceist ag an Rialtas seo a dhéanamh chun teacht ar mhargaí eile do tháirgí agraibhia na hÉireann lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus iad a neartú mar bhonn agus barr leis na cruinnithe polaitíochta agus leis na himeachtaí cur chun cinn trádála."
Beidh turas an Aire Creed chun na Portaingéile dírithe ar chlár cuimsitheach de ghníomhaíochtaí pobail, cultúir, polaitíochta agus cur chun cinn i ndáil leis an tír seo.
I measc na dtosaíochtaí a bheidh ag an Aire Creed le linn a thurais chun na Spáinne beidh cruinniú déthaobhach le hAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia na tíre sin, Luis Planas Puchadas agus casadh le díoltóir eallaigh atá ag allmhairiú eallaí as Éirinn le breis is 20 bliain.
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí:
Buaicphointí Thuras an Aire
Clár na Portaingéile:
Dé Domhnaigh an 17 Márta 2019
- Imeacht Cultúir Lá Fhéile Pádraig ag Staid Rugbaí Dramático, Cascais
- Cuairt ar dhealbh Cristo Rei
- Dinnéar Lá Fhéile Pádraig - lucht eagraithe na Féile, an Líonra Gnó agus príomhphearsanra phobal na hÉireann
Dé Luain an 18 Márta 2019
- Ag freastal ar Chomhairle na Talmhaíochta agus Iascaigh
Clár na Spáinne:
Dé Máirt an 19 Márta 2019
- Cuairt a thabhairt ar na margaí bia mara agus feola (ag casadh le lucht trádála agus táirgí na hÉireann a fheiceáil)
- Cuairt a thabhairt ar chlós díoltóra eallaigh as an Spáinn a bhíonn ag allmhairiú eallaí as Éirinn
- Fáiltiú Lá Fhéile Pádraig
- Ag casadh le Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia na Spáinne, Luis Planas Puchadas