Cuairt an Aire Stáit, Timmy Dooley TD, ar an Ionad Iascaigh Cuain Dhún Mór Thoir agus ar Ché na Cille Móire

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuairt an Aire Stáit, Timmy Dooley TD, ar an Ionad Iascaigh Cuain Dhún Mór Thoir agus ar Ché na Cille Móire

Thug an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, cuairt ar an Ionad Iascaigh Cuain Dhún Mór Thoir Dé Máirt, an 7 Aibreán 2026. Bhí Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Mary Butler TD, in éineacht leis an Aire ar an gcuairt seo.

Thug an tAire Dooley cuairt ar an gcuan in éineacht leis an gComhairleoir Adam Wyse, Méara Cheantar Cathrach Phort Láirge.

Ministers of State Timmy Dooley and Mary Butler with Department of Agriculture, Food and the Marine officials meeting Deirdre Lane, Harbourmaster Dunmore East and Mayor of Metropolitian District of Waterford Adam Wyse
L to R: Noel Clancy, Chief Engineer the Department of Agriculture, Food and Marine; Deirdre Lane, Harbourmaster Dunmore East; Adam Wyse, Metropolitan Mayor Waterford; Minister of State with responsibility for Fisheries and the Marine, Timmy Dooley TD; Chief Whip & Minister of State with responsibility for Mental Health Mary Butler TD; Eimear Coughlan, Principal Officer, the Department of Agriculture, Food and Marine.

Chuir Máistir an Chuain, Deirdre Lane, fáilte roimh an Aire agus roimh an lucht tionlacain, in éineacht le hoifigigh ón Roinn, a thug nuashonrú ar na hoibreacha forbartha atá ar bun. Níos luaithe i mbliana, leithdháil an tAire €1.9 milliún i maoiniú do chaiteachas caipitil ag an Ionad Iascaigh Cuain Dhún Mór Thoir faoin gClár Forbartha Caipitil 2026. D’fhéach an tAire ar thionscadal Island Road Steps, atá críochnaithe le déanaí, agus ar na pleananna beartaithe do na hoibreacha cosanta aillte.

Ag labhairt dó le linn na cuairte ag an Ionad Iascaigh Cuain Dhún Mór Thoir, dúirt an tAire Dooley:

“Is mór an pléisiúr dom a bheith anseo inniu sa chuan álainn seo agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonneagar an chuain a fheiceáil. Tá tiomantas leanúnach an Rialtais d’infheistíocht i nDún Mór Thoir ríthábhachtach chun todhchaí an chuain a chinntiú mar cheann de phríomhionaid iascaigh chuain na hÉireann, trí thacú lena fhorbairt, lena nuachóiriú agus lena inbhuanaitheacht.

Phléigh an tAire cúrsaí iascaigh le hoibreoirí trálaeireachta áitiúla agus le hiascairí intíre ar an gcé, agus reáchtáil sé cruinniú leis an Irish South & East Fish Producers Organisation (ISEFPO) agus le hionadaithe áitiúla iascaigh agus dobharshaothraithe.

Thug an tAire Dooley cuairt freisin ar Ché na Cille Móire i gContae Loch Garman, áit ar bhuail sé le hiascairí áitiúla agus ar phléigh sé na dúshláin reatha atá roimh an earnáil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat