Ard-Rúnaí
- Foilsithe: 22 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2026
Is í Sinéad McPhillips Ard-Rúnaí an Roinn Talmhaíocht, Bia agus Mara. Is é an tArd-Rúnaí an státseirbhíseach is sinsearaí, oifigeach cuntasaíochta agus Ceann Roinne.
Freagrachtaí an Ard Rúnaí
De réir an tAcht um Bhainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 (Uimhir 27 de 1997), tá na freagrachtaí seo a leanas ag an Ard Rúnaí:
- Bainistíocht ar ghnó na Roinne i gcoitinne;
- Cur i bhfeidhm polasaithe an Rialtais a bhainneann leis an Roinn;
- Faireacháin a dhéanamh ar polasaithe an Rialtais lena bhfuil tionchar ar an Roinn
- Seachadh aschur mar a shocraítear ag an Aire.
- Comhairle polasaí a chur ar fáil don Aire maidir le gach rud laistigh de shainchuramaí na Roinne;
- Ráitis Straitéiseacha a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire;
- Tuairiscí ar dhul chun cinn maidir le chur i bhfeidhm an Ráíteas Straitéiseach a chur ar fáil don Aire;
- Úsáid cheart acmhainní a chinntiú agus soláthar seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla;
- Creatlach a ullmhú maidir le sannadh sain-freagrachtaí le oifigí eile síos tríd an Roinn;
- Bainistíocht ar chúrsaí a bhaineann le ceapúcháin, feidhmíocht, smacht agus dífhostú stáitseirbhísigh sna gráid níos ísle ná PríomhOifigeach nó ar ghráid choibhéiseacha
De réir Alt 4(1) den Acht um Bhainistíocht na Seirbhíse Poiblí, tá cumhacht ag an Ard-Rúnaí freagrachtaí maidir le feidhmíocht a dualgais/a dhualgais a sannadh le hoifigí eile (nó le hoifigí ar ghrád nó ghráid eile) sa Roinn.
S’é misean na Roinne an earnáil a riailú, ceannaireacht a thabhairt di, i slí a bharrfheabhasaíonn a cuidiú le inbhuanaitheacht sóisialta, eacnamaíochta agus comhshaoil.