An Institiúid Mara
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2021
Soláthraíonn Institiúid na Mara raon seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíochta don rialtas, do ghníomhaireachtaí poiblí agus don tionscal muirí a threoraíonn ceapadh beartais, rialáil agus bainistíocht agus fás inbhuanaithe acmhainní mara na hÉireann.
Déanann Institiúid na Mara taighde agus forbairt mhara a dhéanamh, a chomhordú agus a chur chun cinn, rud atá riachtanach chun geilleagar aigéin inbhuanaithe a bhaint amach, éiceachórais a chosaint agus comhthuiscint ar an aigéan a spreagadh.
Soláthraíonn Institiúid na Mara seirbhísí riachtanacha taighde mara lena n-áirítear:
- cláir mhaoinithe taighde agus forbartha náisiúnta
- comhairle maidir le measúnú agus bainistíocht stoic éisc
- seirbhísí sláinte éisc
- monatóireacht ar shábháilteacht bia mara
- monatóireacht ar an gcomhshaol
- oibríochtaí árthaigh taighde
mapáil ghrinneall na farraige
- bainistíocht sonraí
- seirbhísí forbartha muirí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar www.marine.ie