Scéime Leasa Mairteola 2024

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéime Leasa Mairteola 2024


Cad é an Scéim Leasa Mairteola 2024?

Is é cuspóir na Scéime Leasa Mairteola 2024 ná éifeachtúlacht eacnamaíoch feirmeacha ainmhithe a mhéadú níos mó agus sláinte agus feirmeoireacht ainmhithe orthu a fheabhsú.

Conas cáiliú

Is féidir leat iarratas a dhéanamh más rud é

  • Go bhfuil tú ocht mbliana déag d'aois nó níos sine ar dháta cur isteach an iarratais ar rannpháirtíocht.
  • Go bhfuil uimhir ghníomhach tréada agat mar aon le Stádas Úinéara Tréada. Ní ghlactar le Coimeádaí Tréada.
  • Go bhfuil tú ag feirmeoireacht gabháltais a bhfuil iarratas bailí BISS curtha isteach ina leith sa bhliain 2024 chuig an Roinn.
  • Gur feirmeoir mairteola bó diúil thú i.e. tá laonna incháilithe agat a saolaíodh do bha diúil is incháilithe sa tréimhse 1 Iúil 2023 – 30 Meitheamh 2024

Gníomhartha atá le déanamh chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochta

Gníomh 1 – Beathú Béile (Gníomh Éigeantach)

Beathú mine a thabhairt isteach ar feadh tréimhse 4 seachtaine roimh an scoitheadh agus 2 sheachtain ina dhiaidh sin chun an strus ar laonna ag am an scoite a laghdú.

Gníomh 2 – Vacsaíniú (Gníomh Roghnach)

Má roghnaítear gníomh 2, vacsainiú ag céim an iarratais, ní mór do rannpháirtithe clár vacsaínithe a chur i bhfeidhm in aghaidh galair clóistridiam agus/nó niúmóine laonna i gcás laonna diúil agus sonraí an vacsaínithe a thaifeadadh.

An ráta íocaíochta

Gníomh 1 – Beathú Béile (Éigeantach): is é €35 an ráta íocaíochta in aghaidh an lao incháilithe suas le huasmhéid de 40 lao incháilithe.

Gníomh 2– Vacsainiú Béile (Roghnach): Is é €15 an ráta íocaíochta in aghaidh an lao incháilithe suas le huasmhéid de 40 lao incháilithe.

Cuirfear tús le híocaíochtaí le haghaidh cásanna arna nglanadh i mí na Nollag 2024.

Cuir iarratas isteach

Ní mór iarratais a dhéanamh ar agfood.ie

Is é 23.59 an 24 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh.

Seo achoimre ar an mBeart. Ní mór duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh chun an t-eolas ar fad a fháil.

Téarmaí agus coinníollacha agus faisnéis eile

Terms and Conditions Beef Welfare Scheme 2024
Amharc amharc
Scheme Action Record Sheet - Beef Welfare Scheme 2024
Amharc amharc
Guide for Agents to access Beef Welfare Scheme 2024 online application form
Amharc amharc
Guide for Individuals to access Beef Welfare Scheme 2024 online application form
Amharc amharc

Beef Edge Podcast

Contact

Beef Schemes Section

Seoladh:
Department of Agriculture, Food and the Marine, Government Buildings, Old Abbeyleix Road, Portlaoise, Co Laois , R32 PRA6
Ríomhphost:

bws@agriculture.gov.ie

Teileafón:
+353 (0) 57 86 74422

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat