English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan iarratas ar Cheadúnas Dobharshaothraithe



An rud atá ann

Déantar ceadúnú dobharshaothraithe a riaradh trí Rannán Bainistíochta Dobharshaothraithe agus Imeall Trá na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Déanann an tAire cinneadh ar iarratais a dhéantar chuig an rannán ar an bhfoirm iarratais cheadaithe agus na táillí iomchuí ag gabháil leo.


Cad is gá duit a dhéanamh

Féadfar aon duine a théann i mbun dobharshaothraithe gan cheadúnas nó a sháraíonn téarmaí ceadúnais a ionchúiseamh trí na cúirteanna. Féadfaidh aon fhíneáil a ghearrfaidh an chúirt, le hOrdú ón Aire, a cheangal ort aon struchtúir agus / nó trealamh a bhaint.

Is féidir foirm iarratais ar cheadúnas dobharshaothraithe a íoslódáil anseo nó a fháil ón Rannóg um Cheadúnú Dobharshaothraithe.

Ó Mheán Fómhair 2015 a luaithe a théann iarratas chuig Fógra Poiblí beidh an cháipéisíocht ábhartha ar fáil ar an suíomh Gréasáin le haghaidh faisnéise ag Iarratais ar Cheadúnas Dobharshaothraithe / Imeall Trá.

Forbraíodh Teimpléid Ceadúnas Dobharshaothraithe agus Imeall Trá a léiríonn na téarmaí agus coinníollacha cineálacha a bhaineann le ceadúnais a eisítear le haghaidh na gcineálacha éagsúla gníomhaíochta dobharshaothraithe.


Cé le teagmháil a dhéanamh

Seol d’fhoirm chomhlánaithe chuig

An Rannán um Cheadúnú Dobharshaothraithe

Seoladh: An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Ionad Náisiúnta Bia Mara, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí

Uimhir theileafóin: +353 (0) 23 885 9500

Má dhiúltaítear d’iarratas, féadfaidh tú an cinneadh a achomharc laistigh de mhí tar éis a fhoilsithe (i gcás cinnidh) nó fógra a thabhairt (i gcás cúlghairme / leasaithe).

Caithfear gach achomharc a dhéanamh i scríbhinn ar an bhfoirm iarratais achomhairc, ag leagan amach forais an achomhairc agus dírithe chuig:

An Bord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe

Seoladh: Cúirt Chill Mhichíl, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise, Co Laoise. , R32 DTW5

Ríomhphost: info@alab.ie

Uimhir theileafóin: +353 (0) 57 863 1912