Rianaigh Iarratas ar Fhoraoiseacht
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2021
Is áis í seo d’fhoraoisithe cláraithe chun:
- iarratais foraoiseachta a rianú
- iarratais nua réamhcheadaithe a mhapáil agus a chur isteach do na Scéimeanna Foraoisithe, FEPS agus Bóithre Foraoise
- chun rochtain a fháil ar ortho-ghrianghrafadóireacht don tír ar fad
Ba chóir d’fheirmeoirí nó do dhaoine aonair ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar Scéimeanna Foraoiseachta teagmháil a dhéanamh le coillteoir cláraithe a thabharfaidh comhairle faoi na roghanna is fearr atá ar fáil. Féadfaidh úinéirí foraoise atá cláraithe le haghaidh seirbhísí ar líne leis an Roinn iarratas a dhéanamh ar phréimh bhliantúil na foraoiseachta ar líne.