Rochtain ar an Margadh - Tairseach Faisnéise Easpórtála
- Foilsithe: 22 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Soláthraíonn tairseach faisnéise Rochtana Margaidh na Roinne faisnéis faoi mhargaí d’onnmhairí agraibhia.
Tugann an tairseach seo faisnéis le chéile in aon áit amháin ar raon iomlán na margaí agus na dtáirgí oscailte, agus na coinníollacha deimhniúcháin ábhartha d’onnmhaireoirí. Is ionad ilfhreastail úsáideach é d’onnmhaireoirí agus cinntímid go gcoinnítear an láithreán cothrom le dáta, de réir mar a osclaítear margaí nua agus nuair a athraíonn coinníollacha deimhniúcháin.
Fáilteofar roimh aon aiseolas ó onnmhaireoirí agus ár n-oibreoirí gnó agus is féidir iad a sheoladh chuig info@agriculture.gov.ie