Clár Éifeachtúlachta Carbóin Laonna (SCEP)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Clár Éifeachtúlachta Carbóin Laonna (SCEP)


Cad é an Clár Éifeachtúlachta Carbóin Laonna (SCEP)

Is scéim talmhaíochta é SCEP a bhfuil sé mar aidhm aige tacaíocht a chur ar fáil d'fheirmeoirí mairteola chun inbhuanaitheacht chomhshaoil an tréada mairteola náisiúnta a fheabhsú. Tá sé mar aidhm ag an gclár cur leis na gnóthachain a soláthraíodh le blianta beaga anuas tríd an gClár Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta (BDGP), agus tríd an gClár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola (BEEP) trí fhiúntas géiniteach thréad bó diúil na hÉireann a fheabhsú.

Conas Cáiliú

Chun cáiliú, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine ar dháta cur isteach an iarratais ar rannpháirtíocht
  • uimhir ghníomhach tréada a bheith agat mar aon le Stádas Úinéara Tréada. Ní ghlactar le stádas Coimeádaí Tréada
  • a bheith ag feirmeoireacht gabháltais a gcuirtear iarratas bailí BISS faoi bhráid na Roinne ina leith ar bhonn bliantúil agus ar a ndearbhaítear gach dáileacht talún
  • a bheith i do chomhalta de SBLAS roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023 agus a bheith rannpháirteach go leanúnach ar feadh ré an chláir
  • 50% ar a laghad d’ainmhithe póir mairteola den uimhir thagartha bhliantúil a bhreith idir bliain na scéime an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2023 agus gach bliain scéime ina dhiaidh sin
  • freastal ar chúrsa oiliúna SCEP agus ar chúrsa láimhseála ainmhithe faoin 15 Samhain 2024

Ráta Íocaíochta

Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara íocaíocht go díreach le cuntas bainc an iarratasóra. Déanfar íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir faoi réir uasíocaíochta a ríomhfar mar seo a leanas:

  • líon na mbó diúil incháilithe a bhreitheann lao incháilithe ar an ngabháltas sna blianta 2016-2021 agus na blianta sin san áireamh. Cuirfear na 3 bliana is fearr de 2016-2021 i láthair an iarratasóra agus gheobhaidh sé meán na 3 bliana sin mar uimhir thagartha. Roinnfear an uimhir thagartha seo ar 1.5 chun uaslimistéar iníoctha (MPA) a thabhairt. Mar shampla, beidh uaslimistéar iníoctha 6.66 heicteár ag feirmeoir ag a bhfuil uimhir thagartha 10.
  • ní mór don iarratasóir uimhir thagartha an chláir a shocrú ag tús an chláir. Is féidir leis glacadh leis an uimhir thagartha a chuirtear i láthair tráth an iarratais nó is féidir leis í a laghdú. Ní féidir í a mhéadú
  • ar choinníoll go gcomhlíontar riachtanais uile an chláir, íocfar €225 do na chéad 15 heicteár agus €180 do na heicteáir eile suas leis an uasmhéid is iníoctha.
  • chun leas a bhaint as an íocaíocht iomlán, ní mór d’iarratasóir a dhóthain heicteár foráiste incháilithe cinntithe ar a laghad a bheith aige faoina iarratas BISS gach bliain chun a uaslimistéar iníoctha a mheaitseáil. Má tá an limistéar foráiste incháilithe cinntithe níos lú ná an t-uaslimistéar iníoctha ach tá sé ar 80% nó níos mó, beidh an íocaíocht bunaithe ar an limistéar foráiste incháilithe sin

Conas Iarratas a Dhéanamh

  • ní féidir iarratais ar SCEP a chur isteach ach amháin trí úsáid a bhaint as saoráid ar líne na Roinne trí Agfood.ie ag an iarratasóir féin nó ag comhairleoir FAS ceadaithe atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann. Ní mór d’iarratasóirí nach bhfuil cláraithe cheana féin le haghaidh sheirbhísí ar líne na Roinne clárú ar dtús ag Agfood.ie
  • is é an 20 Márta 2023 dáta oscailte na n-iarratas
  • is é 23:59 i.n. an 22 Bealtaine 2023 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, agus beidh asbhaintí ar íocaíochtaí as iarratais dhéanacha ag ráta 1% in aghaidh an lae oibre i ndáil le SCEP mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Coinníollacha. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh na tréimhse 25 lá
  • ní bheidh feidhm ag an asbhaint sin ach amháin maidir leis an gcéad bhliain den chlár (2023)

5 Phríomhghníomh an Chláir

  • Gníomh 1 – Tarbh Incháilithe/IS Incháilithe
  • Gníomh 2 - Straitéis Athsholáthair na mBan
  • Gníomh 3 – Géinitíopáil
  • Gníomh 4 – Meáchain a mheá agus a chur faoi bhráid ICBF
  • Gníomh 5 – Sonraí agus Suirbhéanna maidir le Breith Laonna
  • (A) Sonraí maidir le Breith Laonna
  • (B) Suirbhéanna

Leagtar amach sonraí iomlána na gceanglas sonrach faoi gach ceann de na gníomhartha i dTéarmaí agus Coinníollacha SCEP.

Screen Guide for Agents to Access Suckler Carbon Efficiency Programme (SCEP) 2024 Rollover Online Application Facility
Amharc amharc
Screen Guide for Individuals to Access Suckler Carbon Efficiency Programme (SCEP) 2024 Rollover Online Application Facility
Amharc amharc
Suckler Carbon Efficiency Programme (SCEP) Terms and Conditions
Amharc amharc
Screen Guide for Individuals on how to submit SCEP Application
Amharc amharc
Screen Guide for Agents on how to submit SCEP Application
Amharc amharc
Guide for Individuals to access SCEP Correspondence through agfood.ie
Amharc amharc
Declaration of Undertaking Form SCEP
Amharc amharc

Oiliúint SCEP

Ceanglaítear le ceann de na coinníollacha incháilitheachta a bhaineann le rannpháirtíocht SCEP nach mór do rannpháirtithe cúrsa oiliúna SCEP a chur i gcrích faoin 15 Samhain 2024.

Tá an cúrsa oiliúna éigeantach SCEP forbartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara, le cúnamh ó ICBF agus Teagasc, agus le ranníocaíochtaí ó Bhord Bia agus ón Údarás Sláinte & Sábháilteachta (HSA). Cuideoidh an cúrsa oiliúna ar líne seo le rannpháirtithe na gníomhartha laistigh de SCEP a chur i bhfeidhm go rathúil agus cuirfear comhairle ar fáil leis maidir leis na dea-chleachtais i ndáil le sábháilteacht feirme agus láimhseáil beostoic.

Mura gcríochnófar an cúrsa ar líne faoin 15 Samhain 2024, bainfear rannpháirtí den chlár agus aisíocfar go hiomlán aon íocaíochtaí a fuarthas go dtí seo. Cliceáil ar an nasc chun Treoracha Scáileáin a fheiceáil chun cabhrú le rannpháirtithe SCEP rochtain a fháil ar thairseach oiliúna SCEP ag www.sceptraining.ie.

SCEP Training - Screen Guides
Amharc amharc

SCEP Training Podcast by Teagasc

SCEP Information Sessions

Online Information Session Tuesday 4th April at 7pm
Amharc amharc
Information Sessions
Amharc amharc

Contact

Beef Scheme Section (SCEP)

Seoladh:
Department of Agriculture, Food and the Marine, Government Buildings, Old Abbeyleix Road, Portlaoise, Co Laois, R32 RPA6
Ríomhphost:

scep@agriculture.gov.ie

Teileafón:
+00 353 (0) 57 8674422

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat