Plean Freagartha ar Bhagairt Chromán na gCearc
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2026
- Réamhrá
- Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme maidir le Plean Freagartha ar Bhagairt Chromán na gCearc 2025
- Doiciméid
Réamhrá
Leagtar amach treochlár le Plean Freagartha ar Bhagairt Chromán na gCearc (PFBCC) 2024-2028 chun meath ar Chromán na gCearc a chasadh thart agus a réamhaisnéisí fadtéarma a fheabhsú. D’fhorbair Grúpa Stiúrtha Idir-Rannach an Plean, faoi chathaoirleacht na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) agus i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO), an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC).
Déantar cur síos sa Phlean ar na bagairtí ar leith atá roimh an éan creiche neamhchoitianta sin agus tugann sé sonraítear sraith gníomhartha comhordaithe atá á déanamh ar fud earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an fhuinnimh gaoithe chun a réamhaisnéisí fadtéarma a fheabhsú. Baineann sé le rannpháirtíocht straitéiseach leis na ranna agus geallsealbhóirí ábhartha chun an dúlra a athchóiriú i ngnáthóga tábhachtacha do Chromán na gCearc. Aithníonn an Plean an tábhacht a bhaineann le húinéirí talún agus le pobail feirmeoireachta chun feabhas a chur ar an ngnáthóg do Chromán na gCearc agus an gá atá le tacaíochtaí agus dreasachtaí chun iad a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa chaomhnú.
Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme maidir le Plean Freagartha ar Bhagairt Chromán na gCearc 2025
I dTuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme 2025 maidir le Plean Freagartha ar Bhagairt Chromán na gCearc 2024 – 2028, déantar cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean suas go deireadh mhí an Mheithimh 2025. Tá an tuarascáil ullmhaithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), le hionchur curtha ar fáil ag baill Ghrúpa Stiúrtha Idir-Rannach (GSIR) an Phlean Freagartha AR Bhagairt Chromán na gCearc maidir le cur i bhfeidhm a gcuid gníomhartha.
Tá cur chun feidhme an Phlean ag dul chun cinn trí struchtúir rialachais neartaithe agus trí chomhoibriú trasearnála le príomh-gheallsealbhóirí, agus le rannpháirtíocht mhéadaithe ar fud na n-earnálacha sin chun tacú le gníomhaíocht chaomhnaithe. Comhaontaíodh Meabhrán Tuisceana (MT) idir SPNF agus Coillte i mí Mheán Fómhair 2024, lena gceadaítear creat comhoibríoch a bhunú chun gníomhaíochtaí caomhnaithe a chur ar fáil do Chromán na gCearc ar thalamh Coillte. Bunaíodh Grúpa Oibre Seachadta PFBCC de chuid SPNF chun seachadadh gníomhartha SPNF ar an talamh a spreagadh i ngach ceann de na LCSanna, le fócas ar dtús ar LCS Shliabh Bladhma. Cuireadh bearta feabhsaithe monatóireachta agus cosanta neadacha i bhfeidhm san LCS in 2025. Beidh an dul chun cinn a dhéanfar san LCS sin mar bhonn eolais do sheachadadh ina dhiaidh sin in áiteanna eile sa líonra LCS agus níos faide i gcéin.
Déanfar athbhreithniú lártéarma ar an bPlean níos déanaí in 2026, le huasdátú á dhéanamh ar na gníomhartha de réir mar is gá chun freagairt do bhrúnna agus bagairtí.