An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Christopher O’Sullivan
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Is é Christopher Teachta Dála Fhianna Fáil do Chorcaigh Thiar Theas. I mí Eanáir 2025, ceapadh é ina Aire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le freagracht speisialta as an Dúlra, an Oidhreacht agus an Bhithéagsúlacht.
Rugadh agus tógadh Christopher i gCloich na Coillte, Iarthar Chorcaí, agus bhí sé ina chomhairleoir contae ar feadh 13 bliana, tráth inar chaith sé seal mar Mhéara Chontae Chorcaí.
Ó toghadh chuig Dáil Éireann é in 2020, bhí sé ina ghuth láidir d’earnálacha na talmhaíochta, an fháilteachais, na turasóireachta agus na siamsaíochta beo, in éineacht leis an bhfód á sheasamh ar son pobail iascaireachta a raibh an Breatimeacht ina bhuille trom dóibh.
Ina ról mar leaschathaoirleach ar an gCoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, bhí gníomhaíocht chinntitheach aeráide a spreagadh agus bithéagsúlacht shaibhir na hÉireann a chosaint ina phríomhchúram do Christopher.
Is fairtheoir éan agus fairtheoir míolta móra dílis é Christopher.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal O’Sullivan ag christopher.osullivan@oireachtas.ie