Ciorclán CEPP 2/2026 Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite) (Leasú) 2026
- Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- Éifeachtach ó: 1 Aibreán 2030
Cuireann an ciorclán seo in iúl d’údaráis phleanála, don Choimisiún agus do pháirtithe leasmhara eile go bhfuil Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite) (Leasú) 2026 (I.R. Uimh. 185 de 2026) déanta. Shínigh an tAire na Rialacháin ar an 29 Aibreán 2026, agus tháinig siad i bhfeidhm ar an dáta sin.
Leasaíonn na Rialacháin Rialachán 38(2) de I.R. Uimh. 274 de 2025. Leagtar síos leis an bhforáil sin an dáta tosaithe do Rialacháin 6, 12, 14 agus 18 de I.R. Uimh. 274 de 2025. Is é an 1 Samhain 2026 an dáta tosaithe anois.