An tsraith chomhairliúcháin phoiblí den Athbhreithniú Straitéiseach ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
- Foilsithe: 5 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Márta 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 2 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cuireadh síneadh leis an spriocdháta chun aighneachtaí a dhéanamh agus chun an suirbhé ar líne a fhreagairt maidir le snáithe chomhairliúchán poiblí an Athbhreithnithe Straitéisigh ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go dtí an 2 Aibreán 2021.
Cén fáth a bhfuil próiseas comhairliúcháin phoiblí á sheoladh againn
Sa Chlár Rialtais - Ár dTodhchaí Roinnte, tá gealltanas leagtha amach, “athbhreithniú a dhéanamh ar shainchúram, stádas agus maoiniú na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), lena chinntiú go bhfuil ról éifeachtach glactha ag an tseirbhís chun an sainordú agus an cúram forfheidhmithe atá aige i ndáil le cosaint an fhiadhúlra a chomhlíonadh”.
Is féidir a rá, mar mhion-sainmhíniú, gurb é sainordú foriomlán na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ná ár nOidhreacht Nádúrtha a chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair agus clúdófar leis an athbhreithniú atá beartaithe gach gné den sainordú sin. Beifear feasach ar an ról iomlán atá ag an NPWS, dá réir, san athbhreithniú a dhéanfar air, ní amháin i dtaca le caomhnú an dúlra, an bhithéagsúlacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta fiadhúlra ach, anuas air sin, ó thaobh na forbartha, na bainistíochta agus cur i láthair ár bPáirceanna Náisiúnta, ár n-Anaclainn Dúlra agus ár dtailte portaigh athshlánaithe, lena n-áirítear an úsáid gur féidir a bhaint amach astu mar shaoráidí agus an tábhacht atá i gceist leo do phobail áitiúla, don fhorbairt gheilleagrach réigiúnach, agus don turasóireacht inbhuanaithe agus don fhostaíocht inbhuanaithe araon.
Beidh trí shnáithe ar leith san athbhreithniú, agus déanfar iad go léir ag an am céanna:
- Beidh Sraith a haon dírithe ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí (inmheánacha agus seachtracha araon).
- Beidh an dara sraithe dírithe ar acmhainneacht agus acmhainní an NPWS a athbhreithniú.
- Is éard a bheidh sa tríú sraith ná anailís chomparáideach deisce ar acmhainní/struchtúir atá ag eagraíochtaí dá coibhéis i ndlínsí eile agus forbhreathnú ar ról agus freagrachtaí comhlachtaí stáit eile agus an caidreamh atá acusan leis an NPWS.
Beidh na trí shnáithe á bhfeidhmiú i gcomhar le chéile, agus beidh a dtorthaí mar bhonn eolais don tuarascáil deiridh a ullmhóidh an Cathaoirleach Neamhspleách.
Conas páirt a ghlacadh ann
Is é an chéad ghné den tsraith rannpháirtíochta geallsealbhóirí ná suirbhé atá le fáil ar líne, agus ba cheart dó a bheith curtha isteach faoin 2 Aibreán, 2021.
Chomh maith leis sin, is féidir le páirtithe leasmhara Aighneacht ghearr i scríbhinn (treoirlínte ina leith le fáil thíos) a chur isteach chomh maith faoin 2 Aibreán, ach é a chur i ríomhphost chuig:reviewofnpws21@gmail.com
Treoirlínte maidir le haighneachtaí:
Cuirimid fáilte roimh dhoiciméad 1 - 2 leathanach ar fad (nó 1,000 focal, ar a mhéid), agus leagtha amach ann d’fhreagra ar na Téarmaí Tagartha, lena n-áirítear:
- do thuairimí féin ar ról, sainchúram, srianta agus feidhmíocht an NPWS (De réir mar atá faoi láthair)
- Moltaí maidir le ról, sainordú agus sainchúram an NPWS amach anseo (De réir mar a bheidh sé, amach anseo).
Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara príomhúla páirt a ghlacadh in agallaimh ar líne.
Cáipéisí
Tá na Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú tugtha chun críche agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tagann gach aighneacht agus mír tráchta a chuirtear isteach chun na críche seo faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 agus tagann siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach san aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
Cad é a dhéanfaimid le d’fhreagra
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfar aighneachtaí a bheith chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, seachas amháin má iarrtar ar a mhalairt. Ar aon chaoi, beidh gach aighneacht a gheofar ag teacht faoi réir fhorálacha na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí araon.
Aighneachtaí
Tháinig aighneachtaí don chomhairliúchán seo faoi na trí chatagóir seo a leanas:
- freagraí ar shuirbhé ar líne ó bhaill den phobal agus ó fhoireann an NPWS
- aighneachtaí scríofa aonair ó bhaill den phobal
- aighneachtaí scríofa ó eagraíochtaí páirtithe leasaithe.
Catagóir 1 - Eagraíochtaí agus Grúpaí
Fuarthas aighneachtaí ó 65 grúpa agus eagraíocht.
Tá 64 aighneacht foilsithe ina n-iomláine anseo. Tá eagarthóireacht déanta orthu uile chun faisnéis phearsanta a bhaint astu. Tá naisc sheachtracha bainte astu chomh maith ar chúiseanna slándála.
Tá aighneacht amháin coinnithe siar nach bhfuil foilsithe mar go mbaineann sí le fiosrúchán coiriúil.
Catagóir 2 - Baill den Phobal
Rinne baill den phobal 135 aighneacht i ndáil leis an gcomhairliúchán. Tá 134 acu sin foilsithe anseo. Tá aighneacht amháin coinnithe siar nach bhfuil foilsithe ar iarratas ón té a rinne an aighneacht.
Tá na haighneachtaí go léir foilsithe ina n-iomláine, cé is moite d’fhaisnéis phearsanta. Tá naisc sheachtracha bainte astu chomh maith ar chúiseanna slándála.
Catagóir 3 - Freagraí ar shuirbhé ar líne
Cuireadh 2997 freagra ar shuirbhé ar líne ar aghaidh go díreach chuig tríú páirtí a bhí ar conradh ag an Roinn (údair thuarascáil Chéim 1 ar an gcomhairliúchán) agus rinne an tríú páirtí sin próiseáil orthu, d’fhonn anailís neamhspleách a dhéanamh orthu, mar a bhí leagtha amach i ráiteas príobháideachais an chomhairliúcháin phoiblí. Chuir siad achoimre de na haighneachtaí sin, atá foilsithe anseo, ar fáil don NPWS.