Comhairliúchán Poiblí ar an Athbhreithniú ar Rialacháin Foirgníochta Cuid M (Rochtain agus Úsáid) chun foráil a dhéanamh do leithreas Changing Places i bhfoirgnimh áirithe
- Foilsithe: 9 Feabhra 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 9 Feabhra 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 12 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 2 Nollaig 2022
Consultation is closed
Tá aighneachtaí, breathnuithe agus tuairimí á lorg ag an Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Peter Burke, TD, ar leasú molta ar Chuid M (Rochtain agus Úsáid) na Rialachán Foirgníochta chun foráil a dhéanamh do leithreas Changing Places i bhfoirgnimh áirithe.
Tairgeann leithreas Changing Places saoráidí tacaithe níos mó a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine nach leor an chóiríocht sláintíochta inrochtana atá ann dóibh faoi láthair. Cuireann na háiseanna seo ar chumas daoine a bhfuil riachtanais chasta chúraim acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laethúla ar nós taisteal, siopadóireacht, laethanta amach teaghlaigh nó freastal ar imeacht spóirt.
Cén fáth a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?
Faoi láthair níl aon soláthar do leithreas Changing Places i bhfoirgnimh in Éirinn a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Déanfar freastal ar riachtanais chuid den daonra trí sholáthar na saoráide sláintíochta seo i bhfoirgnimh agus spásanna móra inrochtana don phobal.
Chun tacú le beartas an Rialtais maidir le cearta agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, i mí na Nollag 2020, bhunaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Grúpa Oibre chun scrúdú a dhéanamh ar sholáthar leithris Changing Places i bhfoirgnimh áirithe.
Tá na cineálacha agus na méideanna foirgneamh molta ag an nGrúpa Oibre anois inar cheart leithreas Changing Places a bheith ag teastáil, mar aon leis na ceanglais theicniúla (trealamh, méid an tseomra agus leagan amach) a bhaineann le leithreas Changing Places.
Chun ionchur dírithe ar ghnéithe teicniúla na nDréacht-mholtaí a chumasú, tá suim ag an Roinn i do thuairimí sula dtabharfar an tionscnamh chun críche.
Conas a bheith páirteach
Ba cheart aighneachtaí ginearálta agus tuairimí faoin athbhreithniú a sheoladh ar ríomhphost chuig buildingstandards@housing.gov.ie
Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí a bhaineann le hábhair theicniúla ar leith nó a bhaineann leis na hathbhreithnithe atá beartaithe ar Dhoiciméad Treorach Teicniúil M (Rochtain agus Úsáid) a chur isteach ar an Teimpléad le haghaidh Aighneachtaí amháin agus a sheoladh ar ríomhphost chuig buildingstandards@housing.gov.ie
Níor cheart go mbainfeadh aighneachtaí agus tuairimí ar an Dréacht-Dhoiciméad Treorach Teicniúil M (Rochtain agus Úsáid) ach leis an téacs daite dearg.
Ba chóir aighneachtaí agus tuairimí a chur isteach tráth nach déanaí ná 5:00pm an 12 Bealtaine, 2022.
Doiciméid
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus ráiteas a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil gach faisnéis atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Tabhair ar aird go bhfoilsíonn an Roinn achoimre ar na freagraí a fhaightear.
Tá ráiteas príobháideachais a bhaineann le haon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a sholáthar ar fáil le híoslódáil faoin nasc Doiciméid thuas.