Comhairliúchán Poiblí ar an bPlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Meitheamh 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 20 Iúil 2026
- An t-eolas is déanaí: 5 Meitheamh 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Cén fáth a bhfuilimid ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?
- Achoimre
- Conas páirt a ghlacadh
- Aighneachtaí
- Doiciméid
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Cén fáth a bhfuilimid ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Brown, Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le haghaidh comhairliúcháin i mí an Mhárta 2025. Áiríodh leis sin próiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil a cheanglaítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga. (Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 42A de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh. 293 de 2021))
Bhí tacaíocht láidir phoiblí ann don Dréachtphlean, ach fuarthas raon leathan moltaí feabhsuithe agus breisithe freisin ón bpobal, ó ghrúpaí pobail agus ó chomhlachtaí poiblí. Rinneadh breithniú iomlán orthu sin, agus áiríodh an-chuid acu sa Phlean Deiridh atá á chur i láthair anois don chéim dheireanach den chomhairliúchán poiblí.
Is é Gleann Bheatha an ní is díol spéise is mó do thurasóirí san Iarthuaisceart, agus tagann thart ar 200,000 cuairteoir chuige gach bliain, líon a bhfuil méadú mór tagtha air le blianta beaga anuas. Tá mionanailís ar fhigiúirí cuairteoirí agus ar na himpleachtaí atá leo in Aguisín A den Phlean.
Tá forbairt déanta le blianta beaga anuas ar phleanáil chun críoch áineasa agus turasóireachta sna Páirceanna Náisiúnta agus comhpháirtíocht straitéiseach ann idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Fáilte Ireland. Dá thoradh sin, ullmhaíodh ‘Blaiseadh ar Chroí Fiáin na hÉireann’, Máistirphlean Léiriúcháin Turasóireachta (MPLT), chun treoir a thabhairt d’fhorbairt chéimnithe ar eispéiris níos fearr do chuairteoirí sna Páirceanna Náisiúnta uile. Mar thoradh air sin, coimisiúnaíodh an Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí a bhaineann go sonrach le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.
Tá sé mar aidhm ag an bPlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí treoir agus fís shoiléir a sholáthar maidir le forbairt sa todhchaí laistigh de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, lena chinntiú go bhfuil turasóireacht inbhuanaithe laistigh den Pháirc agus sa cheantar níos leithne tugtha le chéile le cur chun cinn chaomhnú an dúlra agus tacaíocht dó.
Is é is cuspóir don chomhairliúchán aiseolas a thabhairt don phobal maidir le torthaí phróiseas comhairliúcháin phoiblí 2025 agus deis a thabhairt le haghaidh ionchur deiridh don Phlean. Tá Tuarascáil Aiseolais ar na freagraí uile a fuarthas san áireamh in Aguisíní an Phlean. Is iad na doiciméid atá ar fáil anois Plean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Aguisíní, an Tuarascáil Tionchair Comhshaoil ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Ráiteas Tionchair Natura an Phlean. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na freagairtí, cuirfidh Aonad um Measúnú Éiceolaíoch na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cinneadh in iúl don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
I gcomhréir le hAirteagal 13(1)(b) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004, tugtar fógra leis seo go bhfuil Tuarascáil Chomhshaoil MST, achoimre neamhtheicniúil agus Ráiteas Tionchair Natura ar an bPlean ullmhaithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus a comhpháirtithe. Rachaidh an tréimhse chomhairliúcháin maidir leis an MST agus Ráiteas Tionchair Natura ar aghaidh ó Dé Sathairn, an 6 Meitheamh 2026 go dtí Dé Luain, an 20 Iúil 2026. Beidh cóip de na doiciméid ar fáil in Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le linn na tréimhse sin
Achoimre
Comhairliúchán Poiblí faoi Rialachán 42A de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh. 293 de 2021)
Tá Measúnacht Chuí á déanamh ar Dhréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch, mar a cheanglaítear faoi Rialachán 42 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021. Tá an comhairliúchán poiblí seo á dhéanamh i gcomhréir le Rialachán 42(13) de na Rialacháin sin.
Tabharfaidh foireann Aonad um Measúnú Éiceolaíoch aird ar aon aighneacht nó ar aon tuairim a fhaightear i rith an chomhairliúcháin phoiblí agus féadfar cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin go mbeidh nó nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag an bplean ar shláine láithreáin Eorpaigh.
Conas páirt a ghlacadh
Iarrann an tAire ón bpobal anois aighneachtaí, tuairimí agus barúlacha a dhéanamh ar an Dréachtphlean, ar an dTuarascáil Timpeallachta um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus ar an Ráiteas Tionchair Natura le linn na tréimhse ó 09:00 ar an 6 Meitheamh 2026 go 17:00 ar an 20 Iúil 2026.
Tá cóip de:
- Plean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí Ghleann Bheatha agus Aguisíní
- Plean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Ghleann Bheatha – Tuarascáil Chomhshaoil ar an MST agus Achoimre Neamhtheicniúil
- Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí – Cinneadh AMÉ ar an bPlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (Comhairliúchán Poiblí)
- Plean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí – Ráiteas Tionchair Natura
- Plean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí – Ráiteas Príobháideachais
- Foirm chomhairliúcháin
ar fad ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le linn uaireanta oifige (9am go 5pm, Luan go Domhnach) le linn na tréimhse ón 6 Meitheamh 2026 go dtí an 20 Iúil 2026.
Tá leaganacha Gaeilge den Dréachtphlean agus den fhoirm chomhairliúcháin ar fáil ar líne freisin agus ag an suíomh luaite thuas.
Aighneachtaí
Aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bPlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus/nó an Tuarascáil Chomhshaoil ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bPlean agus an Tuarascáil Chomhshaoil ar an MST a dhéanamh le linn na tréimhse ó 09:00, an 6 Meitheamh 2026 go dtí 17:00, an 20 Iúil 2026 tríd an bhfoirm aighneachta thíos a úsáid glenveaghconsultation@npws.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán Ghleann Bheatha
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Mín an Lábáin
Co. Dhún na nGall
F92 P993
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ar an láthair freisin ag ionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le linn uaireanta oifige (9am go 5pm, Luan go Domhnach) le linn na tréimhse ó 09:00, an 6 Meitheamh 2026 go 17:00, an 20 Iúil 2026.
Aighneachtaí nó tuairimí maidir le Ráiteas Tionchair Natura an Phlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir le Ráiteas Tionchair Natura a dhéanamh chuig eau@npws.gov.ie nó sa phost chuig:
Ceannasaí an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch
Seomra 2.23, An tAonad um Measúnú Éiceolaíoch, An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, 90 Sráid an Rí Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 N7CV
Breithneoidh foireann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na haighneachtaí sin, agus beidh siad mar bhonn eolais faoi chinneadh de bhun Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011-2021.
Tabhair do d’aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh eolais le fáil i Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoi nasc na nDoiciméad.
Doiciméid
- Dréachtphlean Forbartha agus Bainistíochta um Eispéireas Cuairteoirí do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
- Aguisín C Aguisín Tráchta 10 Nollaig
- Aguisín E2 Plean Mór na gCosán Nuashonraithe 12 Nollaig
- Aguisín H2 Ceantar an Chaisleáin Nuashonraithe 10 Nollaig
- Aguisín J Tuarascáil Aiseolais ar an gComhairliúchán Poiblí
- Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta - Tuarascáil Timpeallachta
- Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí - Cinneadh AMÉ ar PBFECGB (Comhairliúchán Poiblí)
- Ráiteas Tionchair Natura
- Foirm chomhairliúcháin
- Ráiteas Príobháideachais
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus tuairim a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a nochta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, (SF), 2014, agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíochta maidir le Cosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm agus do shonraí teagmhála). Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá le fáil i d’aighneacht a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Tabhair faoi deara, gur féidir gach aighneacht agus breathnóireacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. In aon chás, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus reachtaíochta Cosanta Sonraí.
Féach ar an Ráiteas Príobháideachais.
Breithneofar aighneachtaí agus tuairimí nuair a bheidh críoch á cur leis an bPlean agus leis na measúnachtaí gaolmhara, mar atá mínithe thuas.