Comhairliúchán Poiblí ar an Tuarascáil Bhonnlíne maidir leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2018
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 18 Meán Fómhair 2018
- dúnadh na haighneachtaí: 14 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 2 Meitheamh 2022
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh againn?
- Conas a bheith páirteach?
- Cáipéisí
- Téarmaí agus Coinníollacha
- An Méid a Dhéanfaimid leis an bhFreagra uait
- Físeán
Tá an Tuarascáil Bhonnlíne maidir leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí foilsithe ag an Uasal Damien English, T.D., an tAire Tithíochta agus Forbartha Uirbí, i gcomhair comhairliúchán poiblí
Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán seo á sheoladh againn?
Sa Tuarascáil Bhonnlíne maidir leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí leagtar amach:
- an comhthéacs beartais, reachtaíochta agus rialála maidir le pleanáil spásúil mhuirí agus maidir leis an gcéad phlean de chuid na hÉireann a fhorbairt
- tuairisc ar an staid mar atá faoi láthair i dtéarmaí na forbartha atá déanta san earnáil agus na ngníomhaíochtaí atá ar bun cheana i limistéar muirí na hÉireann, lena n-áirítear na deiseanna atá le tapú agus na srianta atá i gceist sa dá réimse sin
- cur síos tosaigh ar chuspóirí ardleibhéil féideartha don chéad Chreat Náisiúnta um Pleanáil Muirí de chuid na hÉireann; agus
- roinnt ceisteanna nó saincheisteanna comhairliúcháin atá beartaithe chun plé agus machnamh a spreagadh i measc na bpáirtithe leasmhara. Beidh na freagraí ar na ceisteanna sin ina n-ionchur ríthábhachtach don dréachtphlean.
Conas a bheith páirteach?
Déan Aighneacht
Fáiltíonn an Roinn roimh aighneachtaí ar an Tuarascáil Bhonnlíne. Ní mór iad a bheith istigh tráth nach déanaí ná meán lae an 14 Nollaig 2018. Is féidir leat aighneacht a dhéanamh ach:
Ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas amháin msp@housing.gov.ie nó
Scríobh chuig an seoladh seo a leanas:
Aighneachtaí PSM,
An Rannóg um Pleanáil Spásúil Muirí,
An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman
Y35 AP90
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcuirfear gach aighneacht i scríbhinn a gheofar ar fáil don phobal ar láithreán gréasáin na Roinne ar mhaithe leis an trédhearcacht.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Bíodh sé ar eolas ag na freagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, faisnéis faoi rún ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus glacfar leis go bhféadfar an fhaisnéis uile atá san aighneacht uait a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
An Méid a Dhéanfaimid leis an bhFreagra uait
Cuirfidh na freagraí bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile sa phróiseas, lena n-áirítear cuspóirí agus beartais an dréachtphlean a fhorbairt. Beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.