Comhairliúchán Poiblí ar Bheartas Náisiúnta ar Ailtireacht
- Foilsithe: 15 Eanáir 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 15 Eanáir 2020
- dúnadh na haighneachtaí: 13 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Síneadh go dtí an 13 Márta curtha le spriocdháta an chomhairliúcháin poiblí maidir leis an mBeartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Tá síneadh go dtí an 13 Márta curtha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an dáta deireadh a nglacfar le haighneachtaí ar an mBeartas Náisiúnta ar Ailtireacht chun an réimse eagraíochtaí agus daoine a chloisfeadh faoi agus a bheadh ag iarraidh páirt a ghlacadh ann a mhéadú.
Tá neart ar bun ó cuireadh tús leis an tréimhse comhairliúcháin. I measc na gceardlanna a reáchtáladh i mí Eanáir bhí ceardlanna ón Roinn (bunaithe ar an gcúig théama) agus ár bpáirtnéirí, Foras Ailtireachta na hÉireann (ar ‘Áiteanna ardchaighdeáin a dhearadh a bheidh chun leas an phobail') agus Coiste Idirnáisiúnta na Séadchomharthaí agus na Láithreacha Éire (bunaithe ar an gcúig théama). Tá roinnt de na scoileanna ailtireachta ag reáchtáil a gcuid ceardlann féin agus reáchtáil an Grúpa Taighde Ailtireachta Uile-Éireann caint ar bheartais ailtireachta um thráthnóna le linn a gcomhdháil bhliantúil i Luimneach an tseachtain seo caite.
Reáchtálfaidh an Chomhairle Oidhreachta ceardlann i mí Feabhra seo chugainn lena mbaineann an téama 'Ómós don am atá caite agus tionchar a imirt ar an todhchaí' agus tá imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile á bpleanáil chun teacht le téamaí na plécháipéise agus sna ceantair agus tá eagraíochtaí eile á dhéanamh seo freisin, eagraíochtaí a bhfuil spéis acu beartas náisiúnta láidir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Dá mba mhaith le d'eagraíocht imeacht a reáchtáil nó an comhairliúchán a chur chun cinn ag imeacht atá beartaithe agat, déan teagmháil le architecture@chg.gov.ie chun mar atá muid ábalta cúnamh a thabhairt duit a fháil amach.
Tá tionchar ag caighdeán ár dtimpeallacht thógtha ar ár saol laethúil; tá ról ríthábhachtach aige maidir le meon áite faoi leith a thabhairt dár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár dtaobh tuaithe. Tá sé mar fhreagracht ar an Rannóg Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta dea-chleachtas a chur chun cinn san ailtireacht nua-aimseartha agus sa dearadh uirbeach.
Nua: Comhairliúchán Poiblí ar Bheartas Náisiúnta ar Ailtireacht. Osclaíonn comhairliúchán ar an 18 Nollaig 2019 go dtí 31 Eanair 2020.
D’fhoilsigh an Roinn doiciméad plé, Áiteanna do Dhaoine, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar Bheartas Náisiúnta ar Ailtireacht nua atá beartaithe.
Leagann an doiciméad plé scóp agus aidhmeanna an pholasaí náisiúnta amach a bheartaítear. Tá sé bunaithe ar chúig théama:
- dearadh le haghaidh athléimneacht aeráide agus inbhuanaitheachta
- dearadh áiteanna ardchaighdeáin ar son leas an phobail
- meas don am atá caite, ár dtodhchaí a mhúnlú
- ceannaireacht
- eolas agus nuálaíocht
Bíodh ionchur agat
Is deis spreagúil é an Beartas Naisiúnta ar Ailtireacht nua do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh chun na coinníollacha d’oidhreacht thógtha d’ardchaighdeán, ísealcharbóin agus níos athléimní a chruthú don todhchaí.
Is mór againn do chuid tuairimí agus mar sin bíodh ionchur agat! Is féidir teagmháil a dhéanamh:
- le ríomhphost - architecture@chg.gov.ie (leis an líne ábhair – Beartas Naisiúnta ar Ailtireacht)
- sa phost - Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht, Seomra 1.08, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath D01 W6X0
- nó comhlánaigh ár suirbhé ar líne
Cuirfidh do chuid tuairimí an beartas ar an eolas.
Cuirfear ar an eolas é freisin trí thionscnaimh eile na Roinne mar Oidhreacht Éireann 2030, An Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019, Culture 2025 – Éire Ildánach, an Clár Éire Ildánach agus Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha d'Éirinn 2015-2025.