English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus ar na Dréacht-Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Chosanta) 2022 - Díolúintí Pleanála i leith Grianphainéal

Consultation is closed


Achoimre

Tá Dréacht-Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus na Dréacht-Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Cosanta) 2022 foilsithe ag Peter Burke, T.D., an tAire Stáit maidir le Rialtas Áitiúil agus Pleanáil i gcomhair comhairliúchán poiblí.

Tá athbhreithniú tugtha chun críche ag an Roinn ar na díolúintí pleanála i leith grianphainéal a leagtar amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (na Príomh-Rialacháin), le béim ar leith ar fhéinghiniúint mhéadaithe leictreachais a éascú.

Ullmhaíodh dréacht-rialacháin lena moltar na teorainneacha dín atá i bhfeidhm faoi láthair sna Príomh-Rialacháin bunaithe ar mhéadair chearnacha, agus chun clúdach níos fairsinge a cheadú ina áit sin, faoi réir coinníollacha áirithe mar aon le srianta i réimsí áirithe.

I bhfianaise na bagartha a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le sábháilteacht eitlíochta de dheasca forbairt mhéadaithe ghrianghníomhaíochta, sainaithníodh 43 grianzón cosanta ina mbeidh teorainn méadair chearnaigh do dhíonta i bhfeidhm go fóill i gcás gach saghas forbartha seachas tithe. Moltar go mbeidh díolúine ann faoi na dréacht-rialacháin seo i gcás suiteálacha gréine a chlúdaíonn an díon ar fad ar thithe i ngach cearn den tír, lena n-áirítear na cinn sin laistigh de ghrianzóin chosanta, faoi réir coinníollacha lena n-éilítear go mbeidh achar íosta idir an tsuiteáil agus imeall an dín.

In ainneoin na ngrianzón cosanta á dtabhairt isteach i gcás gach saghas forbartha seachas tithe, méadaíodh an teorainn méadair chearnaigh do dhíonta laistigh de na limistéir sin go 60 méadar cearnach. Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ag féachaint le suiteálacha gréine níos mó ar dhíon laistigh de ghrianzóin chosanta iarratas a dhéanamh ar chead pleanála.

Áirítear freisin ar mhéadú beartaithe na Rialachán dhá chatagóir nua forbartha a bhaineann le hárasáin agus foirgnimh oideachais/pobail/reiligiúin.


An chúis a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn

De réir Threoir AE 2001/42/EC agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004 (I.R. Uimh. 435 de 2004), arna leasú, tugadh faoi Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) ar na Dreácht-Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus na Dréacht-Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Chosanta) 2022, agus cuirtear na torthaí i láthair i dTuarascáil Timpeallachta.

Rinneadh na Dréacht-Rialacháin atá ag teacht chun cinn a scagadh don Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus bhí comhairliúcháin ar an Staidreamh Scóipe don Tuarascáil Timpeallachta i gceist mar chuid den chéad chéim eile den MST, a rinne eolas d’ullmhú na Tuarascála Timpeallachta.

De réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh 477), arna leasú, rinneadh na Dréacht-Rialacháin a scagadh freisin don Mheasúnacht Chuí.


Mar is féidir leat a bheith páirteach ann

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn ar na rialacháin atá beartaithe nó ar an Tuarascáil Timpeallachta a ullmhaíodh mar chuid den phróiseas Measúnachta Straitéisí Timpeallachta a sheoladh ar ríomhphost, i bhformáid ‘word’ más féidir, chuig SolarSEA@housing.gov.ie.

Mar mhalairt air sin, is féidir freagraí a sheoladh ar an bpost chuig:

Aighneachtaí i leith MST Gréine

An Rannóg um Polasaí agus Reachtaíocht Pleanála

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0.

Níor cheart ach aighneacht i bhformáid amháin a dhéanamh, bíodh sin mar chóip leictreonach nó mar chóip chrua.

Más mian leat féachaint ar na doiciméid chomhairliúcháin ar an láthair, tá cóipeanna crua ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1 idir 9am agus 5pm.

Tráth nach déanaí ná 5:00 p.m. ar an 13 Iúil 2022 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.


Doiciméid

Draft Planning and Development Act 2000 (Exempted Development) (No. 3) Regulations 2022 (Appendix A)
Amharc amharc
Draft Planning and Development (Solar Safeguarding Zone) Regulations 2022 (AA - Appendix B)
Amharc amharc
Strategic Environmental Assessment (SEA) Environmental Report
Amharc amharc
SEA Environmental Report- Non-technical summary
Amharc amharc
SEA Scoping Report
Amharc amharc
SEA Screening Determination
Amharc amharc
Appropriate Assessment (AA) Screening Determination
Amharc amharc
AA Appendix C- Screening Information Note
Amharc amharc
AA Appendix D- Screening Report
Amharc amharc
Ráiteas Príobháideachais - Comhairliúchán Poiblí maidir le leasú beartaithe ar na Rialacháin Phleanála i ndáil le díolúintí pleanála i leith grianphainéa
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na Rialachán ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 - 2014, agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí.

Níor chóir faisnéis phearsanta, faoi rún nó atá íogair ó thaobh tráchtála a áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis go léir atá tugtha agat i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéis, 2014.


An méid a dhéanfaimid le do fhreagra

Tabhair ar aird go mb’fhéidir go gcuirfí aighneachtaí ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, mura iarrfar a mhalairt. Pé scéal é, beidh na haighneachtaí uile a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach freisin an Ráiteas Príobháideachais.