English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-Treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le Pleananna Forbartha

Consultation is closed


Achoimre

D’fhoilsigh Darragh O’Brien, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Peter Burke, T.D., an tAire Stáit Rialtais Áitiúil agus Pleanála na Treoirlínte leasaithe maidir le Pleananna Forbartha le haghaidh chomhairliúcháin phoiblí.


Conas aighneacht a chur isteach

Tá fáilte roimh aighneachtaí maidir leis na treoirlínte. Glacfar le haighneachtaí ón Aoine 13 Lúnasa agus 5pm Dé hAoine 8 Deireadh Fómhair 2021.

Is féidir aighneacht a chur isteach trí:

Rphost a sheoladh chuig nrupconsultation@housing.gov.ie nó trí litir a sheoladh chuig:

Aighneachtaí ar na Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha,

An Rannóg um Pleanáil Náisiúnta, Régiúnaach agus Uirbeach,

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht,

Teach an Chustaim,

Baile Átha Cliath 1,

D01 W6X0.

Má tá tú ag iarraidh na doiciméid a fheiceáil i gcló, is féidir coinne a dhéanamh chun iad a fheiceáil sna gnáthuaireanta oibre. Le do thoil, cuir rphost chuig nrupconsultation@housing.gov.ie nó cuir glaoch ar (01) 888 2000 chun coinne a dhéanamh. Ní mór coinne a dhéanamh chun na doiciméid a fheiceáil.


Doiciméid

Draft Development Plan Guidelines
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Development Plan Guidelines for Planning Authorities - Privacy Statement
Amharc amharc

Téarma agus Coinníollacha

D’fhéadfaí sonraí sna haighneachtaí a fhoilsiú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, faoi na Rialacháin um Acht na gComhphobal Eorpach, 2007 – 2014 (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), agus faoi reachtaíocht maidir le consaint sonraí.

Moltar do dhaoine gan eolas pearsanta, eolas príobháideach nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur sna haighneachtaí agus glacfar le go mbeidh aon eolas a chuirfear sna haighneachtaí réidh le heisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.


Céard a dhéanfar le d’aighneacht

Cuirfear na haighneachtaí le forbairt an dréachta dheiridh de na Treoirlínte a fhoilseoidh agus a eiseoidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi Alt 28 den Act um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

Tabhair do d’aire go bhfoilseofar na haighneachtaí ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Beidh na haighneachtaí faoi réir forál an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus faoi reachtaíocht maidir le consaint sonraí.

Féach ar an Ráiteas Príobháideachas.

toradh an chomhairliúcháin