Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar na Dréacht-Treoirlínte maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta do Thionóil Réigiúnacha agus Údaráis Pleanála

Tá an Comhairliúchán dúnta


Achoimre

D’fhoilsigh an tAire Peter Burke, T.D., an tAire Stáit Rialtais Áitiúil agus Pleanála, na Dréacht-Treoirlínte maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta do Thionóil Réigiúnacha agus Údaráis Pleanála do chomhairliúchán poiblí.

An fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn

Tá ceanglais reachtúla sa Treoir maidir le SEA go mbeidh an pobal ábalta páirt a ghlacadh sa phróiseas ag céimeanna ar leith agus tá téama láidir trédhearcachta ann sa chinnteoireacht i rith an phróisis MST.

Ar mhaithe leis an trédhearcacht sin a chothú, is é cuspóir an chomhairliúcháin seo do dhearcthaí a bhailiú faoi ábhar an dréachtleagain de na Treoirlínte agus na dearcthaí seo a léiriú pé áit ar féidir, sa leagan deiridh. Tá an leagan deiridh le foilsiú roimh dheireadh 2021.

Conas páirt a ghlacadh

Glacfar le haighneachtaí scríofa ó Dé hAoine, an 15 Deireadh Fómhair 2021 go dtí Dé hAoine, an 19 Samhain 2021, a fhaide le 5pm. Ní ghlacfar le haighneachtaí lasmuigh den tréimhse chomhairliúcháin.

Is féidir leat aighneacht a dhéanamh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas: sea.guidelines@housing.gov.ie

Scríobh chuig an seoladh seo a leanas:

An tUasal Paul Scott,

Aighneachtaí maidir le Treoirlínte MST,

An tAonad Rialála um Pleanáil AE agus Idirnáisiúnta,

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,

Teach an Chustaim,

Baile Átha Cliath 1,

D01 W6X0.

Ba cheart aighneacht a dhéanamh ar bhealach amháin, cibé acu go leictreonach nó i gcruachóip.

Más mian leat amharc ar na Dréacht-Treoirlínte i bpearsan, tá cruachóipeanna de na Dréacht-Treoirlínte ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1 i rith gnáthuaireanta oifige.

Agus aird ar an gcomhairle sláinte poiblí reatha, ní chuirtear na Dréacht-Treoirlínte seo ar fáil le hamharc orthu ach trí choinne. Ina thaobh seo, seol ríomhphost, le do thoil, chuig sea.guidelines@housing.gov.ie nó glaoigh ar (01) 888 2000 agus luaigh an comhairliúchán le coinne a dhéanamh.

Cáipéisí

Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities
Amharc amharc
Dréacht-Treoirlínte maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta do Thionóil Réigiúnacha agus Údaráis Pleanála
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl d’fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart eolas pearsanta, rúnda ná eolas atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht agus measfar go bhfuil an t-eolas go léir i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

An méid a dhéanfaimid le d’fhreagairt

Cuirfidh freagairtí eolas ar fáil do chur i gcrích na dTreoirlínte a fhoilseoidh agus a eiseoidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. I gcás ar bith, beidh gach aighneacht a fhaightear faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Féach, chomh maith, an Ráiteas Príobháideachais faoin nasc ‘Cáipéisí’ thuas.

Toradh

Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Chambers Ireland Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Heritage Council Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Kilkenny County Council Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Louth County Council Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Meath County Council Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Office of the Planning Regulator Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - DunLaoghaire Rathdown Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Cork City Council Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Intersocial Ltd Submission
Amharc amharc
Public Consultation on the Draft Strategic Environmental Assessment Guidelines for Regional Assemblies and Planning Authorities - Private Submission 1
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat