Comhairliúchán Poiblí ar Scéim Ghinearálta Bhille Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú) 2024
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 16 Bealtaine 2024
- dúnadh na haighneachtaí: 14 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- An chúis a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
- Conas páirt a ghlacadh
- Cáipéisí
- Téarmaí agus coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
An chúis a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn
Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg aighneachtaí ar Scéim Ghinearálta Bhille Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú) 2024, a bhfuil dáta deiridh an 14 Meitheamh 2024 léi.
Áirítear sa scéim ghinearálta forálacha:
- a bhaineann leis an gceart vótála do thoghadh chomhaltaí ollscoile Sheanad Éireann a leathnú chuig céimithe atá ina saoránaigh Éireannacha agus a bhfuil céim ó Fhoras ainmnithe ardoideachais in Éirinn acu (i.e. ainmnithe faoi alt 53 nó alt 54 den Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022)
- a bhaineann le bunú dáilcheantair sé shuíochán ‘Ardoideachais’ nua do thoghadh comhaltaí Ollscoile Sheanad Éireann, le cur in ionad na ndáilcheantar ollscoile OÉ agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair
- a bhaineann leis na critéir incháilitheachta chun bheith i dtoghthóir sa dáilcheantair ‘Ardoideachais’: (i) 18 mbliana d'aois nó níos sine (ii) saoránach Éireannach (iii) céimí de chuid Foras ainmnithe agus gach toghthóir i dteideal gan ach aon vóta amháin a chaitheamh
- a bhaineann le clárúchán toghthóirí don dáilcheantar Ardoideachais
- a bhaineann le ceapadh ceann comhairimh agus le socruithe eile lena dtógfar an vótaíocht agus
- a bhaineann le córas chun corrfholúntais a thagann chun cinn sa dáilcheantar ‘Ardoideachais’ a líonadh, le cur in ionad an chórais corrthoghcháin atá ann faoi láthair do na dáilcheantair OÉ agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
Chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt bhreise na dréachtreachtaíochta, iarrtar aighneachtaí ó gheallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara ar an Scéim Ghinearálta don Bhille beartaithe atá ar fáil le léamh thíos.
Conas páirt a ghlacadh
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí r-phost le Comhairliúchán ar Scéim Ghinearálta Bhille Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú) 2024 i líne an ábhair chuig Franchise@housing.gov.ie, nó tríd an bpost chuig Aonad um an gCeart Vótála, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0 faoi 5.00 pm, Dé hAoine, an 14 Meitheamh 2024.
Cáipéisí
Téarmaí agus coinníollacha
D'fhéadfaí na haighneachtaí agus na barúlacha uile a gcuirfear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí.
Níor chóir eolas pearsanta, rúnda nó rúnda ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d'aighneacht agus glacfar leis go bhfuil tú sásta an t-eolas go léir atá i d'aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Déanfaidh an Roinn measúnú iomlán ar gach freagra ar an gcomhairliúchán reatha sula gcuireann sí bailchríoch ar na haighneachtaí. Iarrann an Roinn go gcuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí i leith Scéim Ghinearálta an Bhille bheartaithe faoina bráid. Tar éis an comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche ar an 14 Meitheamh 2024, tabharfar dréachtú mionsonraithe an Bhille chun críche.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfaí aighneachtaí a fuarthas a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. Ar aon chuma, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Féach freisin an Ráiteas Príobháideachais thuas.