Comhairliúchán Poiblí maidir le Dearbhú um Éin Fhiáine
- Foilsithe: 21 Feabhra 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Feabhra 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 14 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
An chúis a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn
Tá na Dearbhuithe reatha um Éin Fhiáine atá sínithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, faoina gceadaítear speicis áirithe d’éin fhiáine a rialú, le dul in éag ar an 30 Aibreán 2022. Mar chuid dá hathbhreithniú ar na Dearbhuithe um Éin Fhiáine, tá an Roinn ag lorg tograí ar athruithe ar na Dearbhuithe atá ann don chéad leagan eile ón 1 Bealtaine 2022.
Mar is féidir leat a bheith páirteach ann
Seol aon tuairimí/tograí chuig WildBirdDeclarations@housing.gov.ie nó ar an bpost chuig:
Dearbhuithe um Éin Fhiáine
An tAonad Ceadúnaithe Fiadhúlra
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
90 Sráid an Rí Thuaidh
Baile Átha Cliath 7 D07 N7CV
17:00 Dé Luain an 14 Márta 2022 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.
Doiciméid
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear i gcuimhne do fhreagróirí go bhfuil freagraí faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na Rialachán ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 - 2014, agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí.
Níor chóir faisnéis phearsanta, faoi rún nó atá íogair ó thaobh tráchtála a áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis go léir atá tugtha agat i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéis, 2014.
Tabhair ar aird go bhféadfadh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta achoimre de thorthaí an tsuirbhé a fhoilsiú agus go bhféadfadh sí sonraí anaithnidithe ó na freagraí a fhaigheann sí a fhoilsiú freisin.
Tá ráiteas príobháideachais a bhaineann le haon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a sholáthar ar fáil lena íoslódáil faoin teideal Cáipéisí thuas.