Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Téamh Ceantair) 2022.

Tá an Comhairliúchán dúnta


Tá comhairliúchán poiblí fógraithe ag an An Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Téamh Ceantair) 2022.

Tá measúnú ar thionchar rialála foilsithe chomh maith.

Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta

An chúis a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn

Éilítear TREOIR (AE) 2018/2001 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) ar na Ballstáit thabhairt isteach, sna rialacháin agus cóid tógála acu, bearta iomchuí chun an sciar fuinnimh (den uile chineál) ó fhoinsí inathnuaite a mhéadú in earnáil na tógála. Éilítear Airteagal 15(4) don Treoir cead na híosleibhéil sin a chomhlíonadh trí théamh agus trí fhuarú éifeachtach ceantair agus úsáid á baint as sciar nach beag d'fhuinneamh inathnuaite agus as dramhtheas agus dramhfhuacht.

Chun riachtanais an Treoir a thrasuí sa dlí agus riachtanais breise a a tabhairt isteach, tá sé beartaithe ag an Aire Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Téamh Ceantair) a tabhairt isteach. Tá sé beartaithe freisin leasú a dhéanamh ar Dhoiciméid Treorach Teicniúil L. Tá na moltaí leasú le feiceáil i téacs gorm.

Mar is féidir leat a bheith páirteach ann

Seol aon breathnuithe agus tuairimí chuig climateaction@housing.gov.ie

17:00 Dé hAoine an 15 Iúil 2022 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.

Doiciméid

Draft European Union (District Heating) Regulations 2022
Amharc amharc
Draft TGD L Buildings other than Dwellings 2022
Amharc amharc
Draft TGD L Dwellings 2022
Amharc amharc
Regulatory Impact Analysis - European Union Regulations 2022
Amharc amharc
Privacy Statement - Public Consultation on proposed European Union (District Heating) Regulations 2022.
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear i gcuimhne do fhreagróirí go bhfuil freagraí faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na Rialachán ón gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 - 2014, agus na reachtaíochta Cosanta Sonraí.

Níor chóir faisnéis phearsanta, faoi rún nó atá íogair ó thaobh tráchtála a áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis go léir atá tugtha agat i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéis, 2014.

Data Protection Policy
Amharc amharc

toradh an chomhairliúcháin

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat