Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna

Tá an Comhairliúchán dúnta


Uasdátú

Tá an comhairliúchán seo tugtha chun críche agus tá Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna agus an Plean Forfheidhmithe ina leith tugtha chun críche.


Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna.

Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh againn

Is é cuspóir an athbhreithnithe lárthéarma measúnú ginearálta a dhéanamh ar staid reatha na Straitéise agus céard is féidir a chur i gcrích as seo go ceann cúig bliana. Más gá, d’fhéadfaí athruithe a mholadh i ndáil leis na gníomhartha atá sonraithe sa Straitéis ionas go mbeidh sé ag teacht leis na cuspóirí trí chéile agus leis an gcomhthéacs reatha.

Conas is féidir a bheith páirteach ann?

Glacfar le haighneachtaí maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna trí ríomhphost nó tríd an ngnáthphost chuig na seoltaí seo a leanas:

Ríomhphost: NPSreview@housing.gov.ie

Post: Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna,

Roinn na gCúrsaí Tailte Móna agus Ainmniú Talún,

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,

90 Sráid an Rí Thuaidh,

Margadh na Feirme,

Baile Átha Cliath 7 D07 N7 CV.

Is é an spriocdháta atá luaite le haighneachtaí a fháil 5.30 pm, Dé Céadaoin, an 30 Meitheamh 2021.

Doiciméid

doiciméad an athbhreithnithe lárthéarma don chomhairliúchánpoiblí le fáil ar shuíomh gréasáin NPWS.

Tá cóipeanna crua den doiciméad le fáil trí ríomhphost a sheoladh chuig NPSreview@housing.gov.ie nó nóta i scríbhinn a sheoladh chuig:

Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna,

Roinn na gCúrsaí Tailte Móna agus Ainmniú Talún,

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,

90 Sráid an Rí Thuaidh,

Margadh na Feirme,

Baile Átha Cliath 7 D07 N7 CV.

Tá an doiciméad ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá gach aighneacht agus tuairim curtha ar fáil chun na críche seo faoi réir iad a chur ar fáil faoi Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF), 2014 agus tá siad faoi réir reachtaíochta um Chosaint Sonraí chomh maith.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad atá ar fáil i d’aighneacht a chur ar fáil faoi reachtaíocht SF.

Céard a dhéanfaimid le do fhreagra

Foilseofar gach aighneacht a fhaightear ar shuíomh gréasáin na Roinne, faoi réir na reachtaíochta a bhaineann le Saoráil Faisnéise, Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, agus Cosaint Sonraí.

Ráiteas Príobháideachais - Comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna
Amharc amharc

Aighneachtaí

Aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara mar fhreagra ar chomhairliúchán poiblí ar Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna agus an Plean Forfheidhmithe ina Leith.

Public Consultation on the National Peatlands Strategy Mid-Term Review - Submissions received
Amharc amharc

toradh an chomhairliúcháin

Tá Athbhreithniú Lárthéarma deiridh na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna agus an Plean Forfheidhmithe ina leith ar fáil thíos.

Athbhreithniú Meántéarma ar an Straitéis Náisiúnta um Thailte Móna agus Plean Forfheidhmithe ina leith
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat