Comhairliúchán Poiblí maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Easpa Dídine Leanaí agus Teaghlaigh
- Foilsithe: 19 Eanáir 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Eanáir 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 8 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Forbhreathnú
- Cén fáth go bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
- Conas páirt a ghlacadh
- Cad a dhéanfaimid le do fhreagra?
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Ráiteas Príobháideachais)
Forbhreathnú
Is plean comhtháite maidir le tithíocht agus easpa dídine é plean nua tithíochta an Rialtais ‘Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú’. Tá an plean nua bunaithe ar dhá phríomhcholún: soláthar 300,000 teach breise a ghníomhachtú; agus tacú le daoine ionas gur féidir leo a dteach féin a bheith acu.
Tá soláthar méadaithe ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an easpa dídine. Tá an Rialtas dírithe ar a chinntiú go bhfuil fáil ag gach duine ar thithe inacmhainne, sábháilte ar ardchaighdeán atá oiriúnach dá riachtanais. Cuirfear breis agus €9 mbilliún i gcistiú caipitil ar fáil le haghaidh tithíochta in 2026.
Aithnítear sa Phlean nua gurb í an easpa dídine an tsaincheist shóisialta is práinní atá romhainn agus tugtar isteach roinnt príomhbheart chun dul i ngleic leis an easpa dídine.
Baineann ceann de na bearta den sórt sin le forbairt Plean Gníomhaíochta thiomnaithe thras-rannaigh um Easpa Dídine Leanaí agus Teaghlaigh atá faoi stiúir gníomhaireachta . I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an tsaincheist sin do bhochtaineacht leanaí agus d’fholláine leanaí, tá Roinn an Taoisigh agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair le chéile ar an bPlean sin agus tacaíocht acu ó ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí Stáit ábhartha.
Tá sé beartaithe go gcuirfear béim ar leith sa Phlean ar bhearta coisc agus ar bhearta chun dlús a chur leis an líon daoine atá ag fágáil cóiríochta éigeandála do dhaoine gan dídean agus chun an t-am a chaitheann leanaí agus a dteaghlaigh inti a laghdú.
Tá sé beartaithe freisin go dtabharfar aghaidh sa Phlean ar fhadhbanna atá ag leanaí i gcóiríocht éigeandála faoi láthair agus go gcuirfear tacaíochtaí breise i bhfeidhm i réimsí amhail oideachas, cothú agus meabhairshláinte. Cuirfidh an Plean tacaíochtaí breise i bhfeidhm freisin do thuismitheoirí agus do mhná atá ag iompar atá gan dídean chun tacú leis an teaghlach ar fad.
Cén fáth go bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta anois chun tuairimí a bhailiú lena ndéanfar eolas d’fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta um Easpa Dídine Leanaí agus Teaghlaigh.
Conas páirt a ghlacadh
Tá fáilte roimh aighneachtaí ó na páirtithe go léir a bhfuil spéis acu. Ba cheart go mbeadh 2,000 focal ar a mhéid i d’aighneacht agus go mbeadh sí dírithe ar réimsí príomhthosaíochta agus ar bhearta breise is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic le heaspa dídine leanaí agus teaghlaigh. Más mian leat, d’fhéadfá nóta cúlra gearr a chur san áireamh i d’aighneacht maidir le do spéis sa tsaincheist sin, agus is féidir leat tagairtí d’aon ábhar breise a áireamh a mheasann tú a bheith ábhartha d’fhorbairt an phlean gníomhaíochta nua.
Is féidir leat d’aighneacht a chur ar an ríomhphost chuig:
childfamilyactionplan@housing.gov.ie nó sa phost chuig an Rannóg um Beartas Easpa Dídine, Cistiú agus Seachadadh, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná Dé Domhnaigh an 8 Feabhra 2026.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra?
Breithneofar gach freagra a gheofar agus déanfar eolas leo d’fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta um Easpa Dídine Leanaí agus Teaghlaigh, a fhoilseofar in R2 2026. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta achoimre ar na haighneachtaí a gheofar a fhoilsiú agus sonraí gan ainm a fhoilsiú freisin ó na freagraí a gheofar.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá na haighneachtaí go léir a gheofar faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus reachtaíochta Cosanta Sonraí.
Níor chóir eolas pearsanta, rúnda nó rúnda ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht agus glacfar leis go bhfuil tú sásta an t-eolas go léir atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.