Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir leis na Saincheisteanna Móra um Bainistiú Uisce a bhaineann leis an gceathrú timthriall de Phlean Gníomhaíochta Uisce 2028 -2033

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Achoimre

Déanann gach ballstát den AE a bPleananna Bainistithe Abhantraí a athbhreithniú agus a uasdátú agus treochlár gníomhaíochtaí a leagan amach chun an comhshaol uisce a fheabhsú agus a chosaint mar a cheanglaítear orthu faoin Treoir Réime Uisce.

Mar chuid den phróiseas, ceanglaítear ar Bhallstáit comhairliúchán poiblí maidir leis na Saincheisteanna Móra um Bainistiú Uisce (DBUS) arna n-aithint ina ndobharcheantair a reáchtáil, dhá bhliain ar a laghad roimh fhoilsiú agus roimh chur chun feidhme Plean Bhainistithe Abhantraí nua, ar a dtugtar in Éirinn an Plean Gníomhaíochta Uisce (2028-2033).

Is é cuspóir an phróisis DBUS, lena n-áirítear an próiseas comhairliúcháin phoiblí, ná na dúshláin agus na brúnna a bhaineann lenár gcomhshaol uisce a aithint, chun iad a chur mar bhonn eolais faoi ullmhúchán an Phlean Ghníomhaíochta Uisce (2028-2033) agus go háirithe, faoi Chlár na mBeart a fhorbrófar chun cabhrú le dul i ngleic le na brúnna ar cháilíocht ár n-uisce.

Tá na Saincheisteanna Móra um Bainistiú Uisce den Phlean Gníomhaíochta Uisce 2028 – 2033 ar fáil anois le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Cén fáth go bhfuil an comhairliúchán sin á sheoladh againn?

Tá luathchéimeanna an ceathrú timthrialla de Phlean Gníomhaíochta Uisce á n-ullmhú in Éirinn faoi láthair. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí sin beidh muid ag foilsiú doiciméad comhairliúcháin ina leagtar amach ár dtuiscint ar na Saincheisteanna Móra um Bainistiú Uisce is gá dul i ngleic leo sa tréimhse 2028 – 2033.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná bhur n-aighneachtaí, bhur mbarúlacha agus bhur dtráchtanna a bhailiú ar a mheastar a bheith na saincheisteanna móra um bainistiú uisce in Éirinn gur ceart aghaidh a thabhairt orthu sa chéad Phlean Gníomhaíochta Uisce eile.

Cad é atá á lorg againn?

Tá fáilte romhaibh bhur léargais ar na saincheisteanna móra a ndírítear aird orthu sa doiciméad comhairliúcháin a chur ar fáil, nó aon saincheist bhreise a mholadh go mb’fhéidir go mbeadh gá ann dul i ngleic leo sa cheathrú Plean Gníomhaíochta Uisce.

Chun bhur léargais ar na Saincheisteanna Móra um Bainistiú Uisce agus na réitigh fhéideartha orthu a fháil, leagamar roinnt ceisteanna maidir le gach ceann de na réimsí atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin, a bhfuil cóip de ar fáil le híoslódáil i rannán na ndoiciméad ar an leathanach gréasáin seo.

Trí fhreagra a thabhairt, beidh tú ag cabhrú le bainistiú ginearálta an chomhshaoil uisce a mhúnlú, mar bheidh an fhaisnéis a bhaileofar ina chabhair a bheidh tionchar aici ar ábhar an Dréachtphlean Ghníomhaíochta Uisce a bheartaítear a fhoilsiú faoi Nollaig 2026.

Conas a bheith páirteach?

Forbraíodh saincheistneoir gearr ar líne chun freagraí ar roinnt de na príomhcheisteanna a tháinig chun cinn sa doiciméad comhairliúcháin a éascú, gur féidir a chomhlánú agus a chur isteach ag an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/SWMI_WAP_2028-2033

Leis an gceistneoir ar líne beidh tú an ann do thráchtanna a dhéanamh ar dhóigh níos éifeachtúla, fad a chabhraíonn tú linn freagraí a bhailiú agus a achoimriú go tapúla agus go beacht.

Más mian leat freagairt ar dhóigh eile, áfach, is féidir teimpléad freagartha comhairliúcháin a íoslódáil ón nasc i rannán na ndoiciméad ar an leathanach gréasáin seo. Is ceart teimpléid chomhlánaithe a chur i r-phost chuig WAUConsultation@housing.gov.ie

Nó is féidir freagraí a chur i scríbhinn chuig:

Aonad Comhairleach Uisce

Comhairliúchán DBUS an Phlean Ghníomhaíochta Uisce

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Teach an Chustaim

Baile Átha Cliath 1

D01 W6X0

Ní gá duit freagra a thabhairt ar gach ceist sa chomhairliúchán. Má tá sainréimse spéise agat, tá cead agat freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin amháin.

Dúnfar tréimhse an chomhairliúcháin ag 5.00pm ar an 19 Meitheamh 2026.

Aithneofar gach aighneacht a fhaightear ach ní bheifear in ann freagraí aonair a thabhairt.

Cáipéisí

Terms and Conditions

All submissions and comments submitted to the Department for this purpose are subject to release under the Freedom of Information (FOI) Act 2014 and the European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007-2014. Submissions are also subject to Data Protection legislation.

Personal, confidential or commercially sensitive information should not be included in your submission (other than your name or contact details). It will be presumed that all information contained in your submission is releasable under the Freedom of Information Act 2014.

What we will do with your Response

The information provided by respondents will be used in order to shape the content and focus of the Water Action Plan 2028 - 2033.

Submissions and observations received will be made available on the Department’s website, unless otherwise requested. In any event, all submissions received will be subject to the provisions of the Freedom of Information Act, Access to Information on the Environment Regulations and Data Protection legislation. See also the terms and conditions above.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat