Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann – Cinneadh faoi shaolré oibríochtúil Stáisiúin Núicléacha Doel 1 agus 2, atá lonnaithe i ngar do Chalafort Antuairp, an Bheilg, a shíneadh
- Foilsithe: 28 Aibreán 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 28 Aibreán 2021
- dúnadh na haighneachtaí: 23 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Achoimre
- An fáth go bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?
- Conas Páirt a Ghlacadh
- Cáipéisí
- Téarmaí agus Coinníollacha
- An méid a dhéanfaimid le d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht
- Sonraí teagmhála d’aighneachtaí nó breathnóireacht
Achoimre
Fuair gach údarás pleanála in Éirinn cóip le déanaí de chomhfhreagras a sheol Aireacht Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an RTRÁO) a bhaineann le síneadh beartaithe 10 mbliana a chur le saolré oibríochtúil stáisiúin núicléacha Doel 1 agus 2, atá lonnaithe i ngar do Chalafort Antuairp sa Bheilg.
An fáth go bhfuiltear ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo?
Faoi théarmaí Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (Coinbhinsiún Espoo), 1991 agus an Choinbhinsiúin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus), tá ar Bhallstáit páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann maidir le tionscadail ar dóchúil go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stát máguaird mar chuid den mheasúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt a bheartaítear. Ar an gcuspóir seo, tá ar an mBallstát a mbeartaítear tabhairt faoin tionscadal ina chríoch cur síos a chur faoi bhráid an Stáit a ndéantar difear dó, tráth nach déanaí ná nuair a bhíonn a phobal féin á chur ar an eolas, faoin tionscadal agus aon eolas ábhartha ar a thionchar féideartha trasteorann.
Tá stáisiúin núicléacha Doel lonnaithe i ngar do Chalafort Antuairp sa Bheilg agus tá siad faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag ENGIE Electrabel. Thosaigh Aonaid 1 agus 2 ag Doel ag oibriú i 1975. Ghlac an Bheilg le beartas atá dírithe ar dheireadh a chur de réir a chéile le fuinneamh núicléach chun leictreachas a ghiniúint agus ritheadh dlí ina leith seo in 2003 inar ordaíodh go ndéanfaí stáisiúin núicléacha a dhíghníomhachtú 40 bliain i ndiaidh go ndearnadh a gcoimisiúnú tionsclaíoch.
Mar gheall air seo, bhíothas le deireadh a chur le hoibríochtaí in Doel 1 agus 2 in 2015. Foráladh i ndlí 2003 áfach d’fhoraithne a eisiúint a cheadódh SNanna leanúint de bheith oibríochtúil sa chás go mbagrófaí ar shlándáil soláthair leictreachais. Ritheadh dlí Cónaidhme in 2015 a chuir síneadh 10 mbliana le saolré oibre SNanna Doel 1 agus 2, agus a cheangail go ndéanfaí iad a dhíghníomhachtú in 2025.
Chuir Eagraíocht Neamhrialtasach Comhshaoil (ENR) in aghaidh dhlí 2015 a dheonaigh síneadh a chur le saolré oibre SNanna Doel 1 agus 2 i gCúirteanna Bunreachtúla na Beilge. Rinne an Chúirt Bhunreachtrúil an cheist a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go ndéanfaí réamhrialú (Cás C-411/17). Go hachomair, is é toradh an cháis sin gurb ionann an cinneadh chun saolré oibre na SNanna a shíneadh agus ‘tionscadal’ laistigh de bhrí na Treorach maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, agus is gá measúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh agus na comhairliúcháin ghaolmhara trasteorann a chur ar siúl dá bharr.
Ar chúiseanna praiticiúla, rinne údaráis na Beilge an cinneadh dhá Thuarascáil Tionchair Timpeallachta (TTTanna) ar leith a ullmhú, ach thug siad le fios go mbeidh measúnú le déanamh orthu ag an tráth céanna. Ní bhaineann TTT amháin ach leis an gcinneadh saolré oibre Doel 1 agus 2 a shíneadh. Oibreacha a chuireann feabhas ar shábháilteacht núicléach, trí fhoirgneamh nua a thógáil ar an suíomh san áireamh, a bhaineann leis an dara TTT:
- dhá fhoirgneamh ina lonnófar Córas Aeraithe Scagtha Rialaithe an ghléasra núicléach
- foirgneamh amháin ina lonnófar stáisiún nua chaidéal an mhúchtóra dóiteáin
Conas Páirt a Ghlacadh
Is féidir teacht ar an gcomhfhreagras a d’eisigh Aireacht Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge sa mhír “Cáipéisí” thíos, anuas ar na cáipéisí a sholáthraítear ar mhaithe leis an gcomhairliúchán trasteorann. Beidh cóip chlóite de na cáipéisí seo ar fáil don phobal lena n-iniúchadh i rith uaireanta oifige i ngach oifig údaráis áitiúil ó Dé Céadaoin, an 28 Aibreán 2021. Mar gheall ar éifeachtaí COVID-19, áfach, b’fhéidir nach mbeifear in ann na cáipéisí seo a iniúchadh ach trí choinne a dhéanamh. Moltar go ndéantar teagmháil le d’údarás áitiúil sula dtaistealaíonn tú chun an cháipéisíocht a fheiceáil, lena shoiléiriú an gá duit coinne a dhéanamh. Is féidir cóip a cheannach ón údarás ar tháille nach mó ná an costas réasúnta a bhíonn ar chóipeáil.
Aighneachtaí nó breathnóireacht a dhéanamh
Is féidir aighneacht nó breathnóireacht maidir le héifeachtaí féideartha trasteorann na forbartha a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost chuig an Rannóg Pleanála san údarás pleanála don cheantar ina gcónaíonn an duine nó ina bhfuil ceannoifig an chomhlachta atá i gceist suite (féach sonraí teagmhála do gach údarás pleanála ag bun an leathanaigh seo). Caithfidh gach aighneacht nó breathnóireacht an méid seo a leanas a dhéanamh –
1. an teideal “Comhairliúchán poiblí timpeallachta trasteorann – Stáisiúin Núicléacha Doel 1 agus 2” a bheith aige,
2. ainm agus seoladh an duine, an údaráis nó an chomhlachta a bhfuil an aighneacht nó an bhreathnóireacht á déanamh aige agus ainm an duine, más ann dó, atá ag gníomhú thar ceann an duine, an údaráis nó an chomhlachta sin a bheith curtha san áireamh, agus;
3. cúiseanna, breithnithe agus argóintí a chur san áireamh ar a mbunaítear an aighneacht nó an bhreathnóireacht.
Féach, freisin, le do thoil, “Téarmaí agus Coinníollacha” agus “An méid a dhéanfaimid le d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht” thíos.
Spriocdhátaí chun aighneachtaí nó breathnóireacht a dhéanamh
Is é an spriocdháta d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht scríofa a dhéanann an t-údarás pleanála faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo scor gnó Dé Céadaoin, an 23 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí. Ní aithneoidh ná ní fhreagróidh an t-údarás pleanála ar bhonn aonair d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haighneachtaí nó breathnóireacht maidir leis an gcomhairliúchán.
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl d’fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Seachas ainm agus seoladh, níor cheart eolas pearsanta, rúnda ná eolas atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht nó do bhreathnóireacht agus measfar go bhfuil an t-eolas go léir i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
An méid a dhéanfaimid le d’aighneachtaí nó do bhreathnóireacht
I ndiaidh go ndúntar an tréimhse chun aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh, rachaidh gach údarás pleanála i gcomhairle leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Mar chuid den chomhairliúchán seo leis an Aire, seolfaidh gach údarás pleanála cóipeanna d’aighneachtaí nó de bhreathnóireacht agus achoimre ar an gcéanna ar aghaidh chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. A luaithe a bhíonn an próiseas seo críochnaithe, seolfaidh gach údarás pleanála gach aighneacht nó breathnóireacht chuig Aireacht Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge a fhaigheann siad tríd an gcomhairliúchán poiblí seo.
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireacht a fuarthas nó achoimre ar an gcéanna a fhoilsiú ar láithreán gréasáin Aireacht Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge, agus is féidir iad a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an údaráis phleanála atá i gceist. Ní fhoilseoidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta aon aighneachtaí nó breathnóireacht nó aon achoimre ar an gcéanna.