Dréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta maidir le Caighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin, 2026
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 9 Meitheamh 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 7 Iúil 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Ráiteas Náisiúnta Pleanála, 2026 maidir le Caighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin
- Conas páirt a ghlacadh
- Cosaint Sonraí
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
- Doiciméid
Ráiteas Náisiúnta Pleanála, 2026 maidir le Caighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin
D’fhoilsigh James Browne TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus John Cummins TD, an tAire Stáit Rialtais Áitiúil agus Pleanála Ráiteas Náisiúnta Pleanála 2026, ar Chaighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin. Ar bhonn réamhchúraim agus i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2001/42/CE (an Treoir um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA)) agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil Úsáid Talún – Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2025, tá Tuarascáil Timpeallachta um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Achoimre Neamhtheicniúil ag gabháil leis an dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála. Tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh anois faoi Alt 26 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 agus de réir Rialachán 9 de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil Úsáid Talún – Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2025.
Leagtar amach sa dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála beartas, bearta agus treoir maidir le dearadh forbairtí árasán chun aird a thabhairt ar bheartas reatha an Rialtais agus ar chúinsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. Is é is aidhm don dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála ná beartas agus caighdeáin náisiúnta a leagan amach d’fhorbairt árasán maidir le nithe lena n-áirítear:
- Meascán árasán;
- Caighdeáin maidir le spás inmheánach do chineálacha éagsúla árasán;
- Cóimheasa déthreoíochta;
- Airde ó urlár go síleáil;
- Croíchóimheasa árasán staighre/ardaitheora;
- Spásanna stórála; agus
- Spásanna áiseanna lena n-áirítear balcóiní/paitiónna.
Tá an Ráiteas Náisiúnta Pleanála á ullmhú lena cheadú ag an Rialtas faoi Alt 25 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024, chun teacht in ionad na gCaighdeán Dearaidh d’Árasáin, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, arna n-eisiúint in 2025, mar Threoirlínte Aireachta faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.
Conas páirt a ghlacadh
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála agus an Tuarascáil Chomhshaoil réamhchúraim um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus an Achoimre Neamhtheicniúil a ghabhann leo a dhéanamh trí ríomhphost chuig nrupconsultation@housing.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Ráiteas Náisiúnta Pleanála, 2026 maidir le Caighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin.
Pleanáil Straitéiseach Náisiúnta
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0.
Is é 5:30pm an 7 Iúil 2026 an dáta deiridh agus an t-am deiridh le haghaidh freagraí i leith an chomhairliúcháin seo.
Tabhair do d’aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach ar Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoin nasc Doiciméid le tuilleadh eolais a fháil.
Cosaint Sonraí
Tá an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Níor cheart eolas pearsanta, príobháideach nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a lua le d’aighneacht. Tá Ráiteas Príobháideachais maidir leis an gcomhairliúchán seo ar fáil le feiceáil ag www.gov.ie/PDSANPS agus ag ceanncheathrú na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1.
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Níor cheart eolas pearsanta, príobháideach nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a lua le d’aighneacht.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Beidh na freagraí a gheofar mar bhonn eolais ag bailchríoch an dréacht-Ráitis Náisiúnta Pleanála agus na Tuarascála Comhshaoil um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta lena mbaineann lena fhaomhadh ón Rialtas faoi Alt 25 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024. Tabhair do d’aire go bhfuil seans ann go gcuirfear na haighneachtaí a fhaightear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach ar Ráiteas Príobháideachais an Chomhairliúcháin faoin nasc Doiciméid le tuilleadh eolais a fháil.
Doiciméid
- Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála, 2026 maidir le Caighdeáin Dearaidh Pleanála d’Árasáin
- Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéise Timpeallachta (MST).
- Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéise Timpeallachta (MST) – Achoimre Neamhtheicniúil
- Cinneadh maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta faoi Alt 26(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024
- Scagadh le haghaidh Chinneadh um Measúnacht Chuí faoi Alt 202 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024
- Céim 1 Measúnacht Straitéiseach ar Riosca Tuilte Sainaithint Riosca Tuilte
- Ráiteas Príobháideachais