English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Measúnú Tionchair Timpeallachta Trasteorann (MTT) Comhairliúchán Poiblí – Tionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Mona, atá suite i Muir Éireann timpeall 28.2km ó chósta Inis Món

Consultation is closed


Achoimre

Ar an 7 Samhain 2022, fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, ráiteas scagtha MTT trasteorann maidir le Tionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Mona atá beartaithe, a rinneadh thar ceann Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe ag an gcéim réamhiarratais. D’aimsigh an próiseas scagtha trasteorann fadhbanna trasteorann féideartha d’Éirinn maidir leis na tionchair a bheadh aige ar mhamaigh mara, ar iascach tráchtála, ar loingseoireacht agus ar úsáideoirí eile farraige.

Ina dhiaidh sin, ar an 30 Aibreán 2024, scríobh Cigireacht Phleanála na Ríochta Aontaithe (CPRA) chuig an Aire ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán MTT trasteorann toisc gur ghlac an tÚdarás Scrúdúcháin le scrúdú a dhéanamh ar an iarratas pleanála don fhorbairt bheartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí sin ann i gcomhréir le hairteagal 132 de Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 - 2024.

Ina theannta sin, tar éis glacadh leis an iarratas ar an Ordú Toiliú Forbartha a scrúdú, rinneadh athscagadh ar an togra seo ar 30 Aibreán 2024 le haghaidh éifeachtaí trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann agus sainaithníodh sa phróiseas scagtha trasteorann seo saincheisteanna trasteorann suntasacha féideartha d’Éirinn maidir le tionchair ar loingseoireacht.


Cén fáth a dtabharfar faoin gcomhairliúchán seo?

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”) 1991, tá sé de cheangal ar na Stáit trasteorann páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann, lena n-áirítear le daoine den phobal, maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar thimpeallacht Stáit ina aice leo mar chuid de mheasúnacht tionchair timpeallachta. Chun na críche sin, tá sé de cheangal ar an Stát trasteorann a bhfuil an tionscadal beartaithe á dhéanamh ina chríocha cur síos ar an tionscadal, agus aon eolas eile atá ar fáil maidir leis an tionchar trasteorann féideartha, a sheoladh chuig an Stát lena mbaineann sé, tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfidh sé a phobal féin ar an eolas faoi.

Mar a luadh thuas, fuair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas le déanaí i bhfoirm litreach fógra dar dáta 30 Aibreán 2024 ó CPRA, maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha do Thionscadal Gaoithe Amach ón gCósta Mona atá beartaithe agus atá anois ag an gcéim réamhscrúdaithe dá bpróiseas ordaithe toilithe forbartha.

Tá an fhorbairt atá beartaithe comhdhéanta de (ach gan a bheith teoranta do) eagar feirm ghaoithe amach ón gcósta atá suite in oirthear Mhuir Éireann, 28.2km ó chósta Inis Món; bonneagar tarchurtha amach ón gcósta a shíneann go dtí an teacht i dtír ar chósta thuaidh na Breataine Bige; agus bonneagar tarchurtha ar tír mór ag síneadh ó theacht i dtír go fostáisiún na hEangaí Náisiúnta ar an gcladach ag Bodelwyddan.

Tá sé socraithe ag Rúnaí Stáit na RA go dteastaíonn measúnú tionchair timpeallachta ar an bhforbairt atá beartaithe agus dá bhrí sin tá scagadh trasteorann MTT déanta acu. Chinn an gníomh scagtha seo go bhféadfadh tionchair thimpeallachta thrasteorann a bheith ag an bhforbairt bheartaithe in Éirinn. I measc na saincheisteanna trasteorann a scrúdaíodh tá tionchair shuntasacha ar loingseoireacht.


Measúnú Scagtha

Cuireann an litir arna dhátú an 30 Lúnasa 2024 sonraí ar fáil maidir leis an áit ar féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin CPRA - féach freisin an nasc atá le fáil faoi “Conas Páirt a Ghlacadh” faoi seo.


Conas Páirt a Ghlacadh

Tá gach cáipéis maidir leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe, lena n áirítear cáipéis bhreise nó leasaitheach arna nglacadh de réir rogha CPRA, ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

Féadfaidh baill an phobail cuairt a thabhairt ar thairseach comhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun comhfhreagras ón CPRA a fheiceáil, cóipeanna digiteacha de shleachta de Ráiteas Timpeallachta an iarratasóra; cáipéisí agus nascanna a bhaineann leis atá curtha ar fáil ag an CPRA don Ráiteas Timpeallachta iomlán agus gach cáipéis eile bainteach leis an iarratas toilithe forbartha don fhorbairt bheartaithe.

Tá an fógra comhairliúcháin phoiblí le feiceáil in oifig na Roinne Pleanála do gach údarás áitiúil ar fud na tíre i rith uaireanta oifige, le coinne más gá.

Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh orthu nó le ceannach ag táille nach sáraíonn costas réasúnta de chóip a dhéanamh, i rith uaireanta oifige in oifig gach údarás áitiúil ar fud na tíre. Cuirfear naisc de gach cáipéis ar fáil ar líne ag gach údarás áitiúil chomh maith. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí, le do thoil.


Ag déanamh aighneachtaí nó ag tabhairt tuairimí

Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh go díreach chuig Cigireacht Phleanála RA ag Monaoffshorewindproject@planninginspectorate.gov.uk


Spriocdhátaí d’aighneachtaí nó tuairimí

Tá an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí oscailte ón Aoine an 12 Meitheamh 2024. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí scríofa nó tuairimí a fháil faoin bpróiseas comhairliúcháin trasteorann seo ná deireadh am scoir gnó an 17 Iúil 2024 ar a dhéanaí. Ní ghlacfaidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le haighneachtaí nó tuairimí maidir leis an tionscadal.


Cáipéisí


Sonraí teagmhála d’aighneachtaí nó tuairimí

Ba cheart aon cheist maidir leis an gcomhairliúchán MTT trasteorann seo a dhíriú chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féach na sonraí teagmhála thíos:

Greg Bryan, Oifigeach Riaracháin,

An Roinn Pleanála & Forbartha Réadmhaoine, Riarachán Pleanála,

Bloc 4, Urlár 3, Oifigí na Cathrach,

An Ché Adhmaid,

Baile Átha Cliath 8

F: 01-2223108

R: greg.bryan@dublincity.ie