Na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca)
- Foilsithe: 13 Márta 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 13 Márta 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 24 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Cúlra
- Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
- Athruithe Molta
- Conas a bheith páirteach
- An chaoi a n úsáidfimid do fhreagra
- Doiciméid
- Téarmaí agus Coinníollacha
Cúlra
Sna Rialacháin maidir le Sábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca), 1985 (IR Uimh. 249) in Éirinn sainítear réamhchúraimí áirithe sábháilteachta dóiteáin i ndáil le bealaí éalaithe agus doirse amach nach mór dóibh siúd atá i gceannas ar áiteanna tionóil sonraithe a ghlacadh. Leis na Rialacháin seo, atá fréamhaithe san Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, sainítear faoi Alt 18(2) i gcomhair an Achta, na dualgais atá ar dhaoine a bhfuil smacht acu ar áitribh agus foráiltear leo nach gcuirfidh duine in áit tionóil cosc ná bac ar an duine atá i gceannas maidir le cloí leis na Rialacháin.
Glacadh na Rialacháin seo ó bhí 1985 ann agus faoi láthair úsáideann Údaráis Dóiteáin ar fud na tíre iad mar chuid dá gcigireachtaí bainistithe sábháilteachta dóiteáin ar áiteanna tionóil phoiblí.
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh againn?
Tá an comhairliúchán poiblí seo ar siúl mar thoradh ar chinneadh ag Bord Bainistíochta SNBDÉ (Nollaig 2023) athbhreithniú a dhéanamh ar Threoirlínte agus ar Chóid Chleachtais atá ann cheana i ndáil le sábháilteacht dóiteáin i gcomhthéacsanna éagsúla. Is é an Cód Cleachtais um Bainistiú Sábháilteachta Dóiteáin in áiteanna Tionóil (1989) an chéad cheann de na Treoirlínte/na Cóid Chleachtais sin óna dteastaíonn comhairliúchán poiblí.
Tá na Rialacháin maidir le hÉalú Éasca ag croílár an Chóid Cleachtais um Bainistiú Sábháilteachta Dóiteáin in áiteanna Tionóil agus tá siad le fáil ann (1989). Is é an t-athbhreithniú beartaithe ar I.R. Uimh. 249 an chéad chéim san athbhreithniú ar an gCód Cleachtais seo. Déanfar comhairliúchán poiblí ar leithligh ar an gCód Cleachtais um Bainistiú Sábháilteachta Dóiteáin in áiteanna Tionóil (1989) tar éis go dtabharfar an t-athbhreithniú reatha seo chun críche.
Mar gheall ar na breithnithe seo a leanas, is tráthúil athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Rialacháin 1985:
- Tá 40 bliain imithe thart ó achtaíodh I.R. 249 bunaidh agus an gá le rialacháin a choinneáil ábhartha agus cothrom le dáta
- Athruithe agus leathnú ar na cineálacha úsáide a bhaintear as foirgnimh thionóil
- Na forbairtí agus na hathruithe suntasacha ar na rialacháin foirgníochta
- Athbhreithniú ar dhoiciméid treorach agus ar chóid chleachtais eile ón Roinn
- Forbairt ar ábhair foirgníochta
- Forbairt teicneolaíochtaí maidir le teacht isteach agus dul amach i bhfoirgnimh
- Sábháilteacht áititheoirí in áiteanna tionóil a choinneáil agus a fheabhsú
Athruithe Molta
Leis an I.R. athbhreithnithe seo atá molta déanfar foráil chun nuashonrú a dhéanamh ar bhainistíocht leanúnach áiteanna tionóil i ndáil le sábháilteacht dóiteáin. Déanfar foráil leis maidir le cur chuige soiléir agus comhleanúnach ó thaobh forálacha réasúnta a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht áititheora ar fud na tíre. Tiocfaidh sé leis an tsraith reatha de dhoiciméid treorach arna bhfoilsiú ag an Roinn agus cuirfidh sé treoir nuashonraithe ar fáil dóibh.
Slabhraí, glais fraincín agus ceangail inbhainte eile
An Reachtaíocht Reatha
I gCuid 4 (iii) de na rialacháin reatha ó 1985 foráiltear go gceadaítear gach slabhra, glas fraincín agus ceangal inbhainte eile chun doirse, geataí nó bacainní eile dá leithéid a dhaingniú fad is atá an áit á húsáid i ndáiríre mar áit tionóil.
Athrú Molta
Moltar go mbeidh cosc ar shlabhraí, glais fraincín agus ceangail inbhainte eile arna n-úsáid chun doirse nó geataí a dhaingniú ar bhealach éalaithe i gcónaí de réir na rialachán nua.
Doirse Comhla Rollála
Is foráil nua é seo atá molta.
Faoi láthair, i gCuid 6 (Bealaí Éalaithe) den Chód Cleachtais um Bainistiú Sábháilteachta Dóiteáin in Áiteanna Tionóil tá Foráil 6.5, ina sonraítear: “Ba cheart go mbeadh doirse comhla rollála (más inghlactha ag an údarás dóiteáin iad) faoi ghlas sa suíomh oscailte sula bhfuil an pobal ar an áitreabh agus fad is atá siad ann. " Moltar anois go bpléifear go sonrach le doirse comhla rollála sna Rialacháin maidir le hÉalú Éasca.
Moltar sna rialacháin nua go mbeidh cosc ar dhoirse comhla Rollála ar gach bealach éalaithe, lena n-áirítear ag na doirse amach deireanacha i gcónaí. Cheanglófaí leis sin freisin go mba ghá aon doirse comhla rollála atá ann a bhaint de bhealaí éalaithe lena n-áirítear ag doirse amach deireanacha.
Áitribh Nua Áite Tionóil
A number of new premises will be included in the Regulations;
Áireofar roinnt áitribh nua sna Rialacháin;
Réamhchúraimí atá le glacadh ag daoine atá i gceannas
An Reachtaíocht Reatha
I gCuid 4 de na rialacháin reatha ó 1985 sonraítear nach mór do gach duine atá i gceannas ar áit tionóil réamhchúraimí áirithe sábháilteachta dóiteáin a ghlacadh fad is atá an áit á húsáid i ndáiríre mar áit tionóil. Tá na réamhchúraimí sin liostaithe faoi Rialachán 4 (i), (ii), (iv), agus (v) sna Rialacháin maidir le Sábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca), 1985
Athrú Molta
Moltar go mbeidh feidhm ag cuid de na réamhchúraimí sin fad is atá an áit tionóil áitithe ag duine ar bith (i.e. ní hamháin agus é in úsáid iarbhír mar áit tionóil).
Mar thoradh air sin, moltar go nglacfaidh gach duine atá i gceannas ar áit tionóil na réamhchúraimí seo a leanas, is é sin le rá, go gcinnteoidh siad, fad is a bheidh an áit tionóil áitithe ag duine ar bith-
a) go gcoinneofar gach bealach éalaithe gan bhac agus ar fáil le húsáid láithreach,
b) nach mbeidh doirse, geataí agus bacainní eile dá leithéid ar bhealaí éalaithe daingnithe ar bhealach nach mbeidh daoine san áit tionóil iad a oscailt go héasca agus láithreach,
c) nach mbeidh aon chrochadán ná cuirtín curtha trasna nó feadh bealaigh éalaithe ar bhealach a chuirfeadh isteach ar éalú nó a chuirfeadh bac air,
d) nach mbeidh aon scátháin curtha trasna nó feadh bealaigh éalaithe nó in aice le bealach amach ar bhealach go ndéanfaí níos casta an treo éalaithe a aimsiú.
Conas a bheith páirteach
Ba cheart an comhfhreagras go léir maidir leis an gcomhairliúchán poiblí seo a sheoladh chuig an seoladh r-phoist seo a leanas: firesafetypublicconsultation@housing.gov.ie faoi dheireadh an lá gnó ar an Dé hAoine, 24 Aibreán 2026.
An chaoi a n úsáidfimid do fhreagra
Déanfar taifead, tiomsú, anailís agus measúnú ar d'aiseolas chun athruithe cuí ar na Rialacháin maidir le hÉalú Éasca a chinneadh. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta achoimre ar thorthaí an tsuirbhé a fhoilsiú agus sonraí gan ainm a fhoilsiú ó na freagraí a fuarthas.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh go gcuirfí aighneachtaí a gheofaí ar fáil gan faisnéis phearsanta ar shuíomh gréasáin na Roinne agus go roinnfí iad, ach amháin dá n-iarrfaí a mhalairt. I gcás ar bith, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Doiciméid
- Teimpléad le haghaidh Aighneachtaí - Rialacháin um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éascaíocht Éalaithe) 1985
- Na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca)
- Na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Tionóil (Éalú Éasca), 1985
- Ráiteas Príobháideachais
- Cód Cleachtais um Bainistiú Sábháilteachta Dóiteáin in Áiteanna Tionóil
Téarmaí agus Coinníollacha
Beidh gach aighneacht agus trácht a chuirfear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur i d'aighneacht agus déanfar talamh slán de go mbeifear in ann an fhaisnéis go léir i d'aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tá ráiteas príobháideachais a bhaineann le haon sonraí pearsanta a fhéadfar a sholáthar ar fáil le híoslódáil faoin gceannteideal Doiciméid.