Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtphlean Oiriúnaithe Earnála um Cháilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce, 2025
- Foilsithe: 7 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Iúil 2025
Forléargas ar an gComhairliúchán
Tá sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán seo aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha agus ó dhaoine den phobal maidir leis an Dréachtphlean Oiriúnaithe Earnála um Cháilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce, 2025.
Tá sé bunriachtanach go ndéanfaimid measúnú críochnúil ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí a bhaineann lenár n-earnáil uisce agus lenár gcomhshaol uisceach i dtaca leis an athrú aeráide, agus is gné ríthábhachtach iad tuairimí an phobail chun a chinntiú go soláthraítear Plean deiridh láidir agus cuimsitheach.
Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar a dtuairimí faoin Dréachtphlean a chur in iúl le linn an phróisis chomhairliúcháin 6 seachtaine seo.
Dúnfar an comhairliúchán ar an 06 Lúnasa 2025.
Cúlra
Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na bagairtí domhanda is tábhachtaí agus is forleataí atá romhainn san 21ú haois. Aithnítear go forleathan go bhfuil rioscaí suntasacha, méadaitheacha ag baint leis, agus go bhfuil costais ag ardú as cuimse ar an gcomhshaol, an tsochaí agus an geilleagar domhanda.
Tá ráta agus scála an athraithe ar aeráid na hÉireann a bhreathnaítear ag teacht le treochtaí aeráide a bhreathnaítear ag scálaí réigiúnacha agus domhanda. Tá teochtaí ag méadú, tá leibhéil na farraige ag ardú agus tá athrú ag teacht ar phatrúin frasaíochta. Tugtar le fios i réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide go meastar go leanfaidh na hathruithe sin ar aghaidh agus go rachaidh siad i ndéine amach anseo.
Tá rioscaí suntasacha ag baint leis an athrú aeráide do na hearnálacha Cáilíochta Uisce (CU) agus Bonneagair Seirbhísí Uisce (BSU) mar thoradh ar athruithe de réir a chéile ar mheándálaí aeráide, amhail méaduithe ar an meánteocht, agus mar thoradh ar athruithe aeráide, amhail athruithe ar mhinicíocht agus ar dhéine teagmhas adhaimsire.
Cuimsítear na nithe seo a leanas sa Dréachtphlean Oiriúnaithe Earnála seo um Cháilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce:
- Tugtar achoimre ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide do na hearnálacha CU agus BSU agus tugtar tosaíocht dóibh;
- Cuirtear an mheasúnacht tionchair tosaíochta i láthair i dtaca leis na hearnálacha CU agus BSU araon;
- Tugtar achoimre ar na Spriocanna, na Cuspóirí agus na Gníomhartha le haghaidh na hearnála Uisce.
Treoraítear forbairt an Phlean Oiriúnaithe Earnála le Creat Náisiúnta Oiriúnaithe an Rialtais, ina leagtar amach an cuspóir go n-aistreofar go geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050.
Conas páirt a ghlacadh
Má tá aon aighneachtaí, barúlacha nó tráchtanna agat, is féidir iad sin a sheoladh chugainn go díreach ag wau@housing.gov.ie
Is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig:
Aonad Comhairleach Uisce,
Comhairliúchán POE CU agus BSU
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, Teach an Chustaim,
D01 W6X0
Tá fáilte roimh pháirtithe leasmhara aighneachtaí scríofa nó tuairimí a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5.00pm, ar an 06 Lúnasa 2025.
Tabhair faoi deara, le do thoil: go bhféadfar gach aighneacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Féach téarmaí agus coinníollacha an chomhairliúcháin faoin gcuid ‘Doiciméid’ le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Doiciméid
Cáilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce: An Plean Oiriúnaithe Earnála um an Athrú Aeráide – Doiciméad Comhairliúcháin
(Nasc chuig doiciméad PDF POE)
Cáilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce: An Plean Oiriúnaithe Earnála um an Athrú Aeráide – Spriocanna agus Cuspóirí
(Nasc chuig doiciméad Excel i dtaca le Spriocanna agus Cuspóirí)
Cáilíocht Uisce agus Bonneagar Seirbhísí Uisce: An Plean Oiriúnaithe Earnála um an Athrú Aeráide – Ráiteas Príobháideachais
(Nasc chuig doiciméad PDF i dtaca leis an Ráiteas Príobháideachais)
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá na haighneachtaí agus na tráchtanna uile a gcuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm nó do shonraí teagmhála). Toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
Cuirfear aighneachtaí agus barúlacha a gheofar ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt. In aon chás, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, faoi réir na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi réir reachtaíochta Cosanta Sonraí. Féach ar na téarmaí agus na coinníollacha faoi na naisc Doiciméad thuas freisin.