Comhairliúchán Poiblí ar an Tuarascáil Timpeallachta MST i ndáil le dréacht den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 31 Deireadh Fómhair 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 1 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Achoimre
- Tuarascáil Timpeallachta MST
- Conas páirt a ghlacadh
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra
Achoimre
Fáiltíonn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, T.D., roimh aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí maidir leis an Tuarascáil Timpeallachta Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) i ndáil leis an dréacht den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití.
Tugtar éifeacht le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2022 (I.R. Uimh. 113 de 2022), arna leasú, don Chúigiú Clár Gníomhaíochta um Níotráití reatha na hÉireann. Tá bearta sonracha sna rialacháin chun uiscí dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaitheach a thagann ó fhoinsí talmhaíochta. Nuair a bheidh na bearta tugtha chun críche, déanfar na Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (DCT) atá ann faoi láthair a aisghairm, agus Rialacháin nua a chur ina n-ionad chun na bearta rialála a chur i bhfeidhm sa Séú CGN.
Cén fáth go bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn?
Is é an aidhm atá ag an gcomhairliúchán sin ná meon an phobail a lorg maidir leis na doiciméid seo a leanas:
Is féidir teacht ar na dréachtdoiciméid den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití atá ina n-ábhar don Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus oscailte freisin don chomhairliúchán poiblí ANSEO:
- Dréacht den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití
- Dréachtrialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint
Is féidir teacht ar an ráiteas príobháideachais a mhíníonn conas a dhéantar sonraí pearsanta a sholáthraítear i bhfreagraí comhairliúcháin phoiblí a phróiseáil ANSEO.
Tuarascáil Timpeallachta MST
Is é aidhm na Tuarascála Timpeallachta MST ná eolas a chur ar fáil do na bearta den Séú CGN, na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheidh ag cur chun feidhme na mbeart molta agus na roghanna réasúnta eile, a shainaithint, cur síos a dhéanamh orthu agus measúnú a dhéanamh orthu; agus deis a sholáthar do na húdaráis reachtúla agus don phobal tuairimí a chur in iúl faoi aon ghné trí chomhairliúchán.
Comhlíonann an Tuarascáil MST seo na ceanglais de chuid Threoir 2001/42/EC ar mheasúnú na n-éifeachtaí de chuid phleananna agus chláir áirithe ar an timpeallacht (Treoir MST) a cuireadh chun feidhme in Éirinn trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. Uimh. 435/2004) arna leasú.
Bhí an próiseas MST atriallach go dtí seo, agus is amhlaidh a bheidh sé; agus cabhróidh sé i dtaca le láidreacht a chur leis na bearta molta breise don Séú CGN trí bhreithnithe timpeallachta níos leithne a chomhtháthú ina fhorbairt.
Tá próiseas comhairliúcháin chomhthráthach ceithre seachtaine ar bun ar mhaithe leis an Ráiteas Tionchair Natura ag an Aonad um Measúnú Éiceolaíoch (AMÉ) na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Conas páirt a ghlacadh
Tá an tAire ag tabhairt cuireadh do bhaill den phobal aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí a roinnt maidir leis an Tuarascáil Timpeallachta MST, maidir le dréacht den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití i rith na tréimhse ón 31 Meán Fómhair 2025 go 5pm 01 Nollaig 2025.
Tá cóipeanna den:
- Tuarascáil Timpeallachta MST
- Ráiteas Tionchair Natura
- Dréacht den Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití 2026-2029,
- Dréacht-Rialacháin maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint, agus
- Ráiteas Príobháideachais
go léir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ar líne agus ag Teach an Chustaim le linn uaireanta oifige (9am – 5pm Luan go hAoine, ach amháin saoirí poiblí) le linn thréimhse an chomhairliúcháin.
Más mian leat na doiciméid sin a fheiceáil ar an láthair go pearsanta, seol ríomhphost chuig WAUConsultation@housing.gov.ie leis an ábhar MST Comhairliúchán Níotráití chun coinne a shocrú.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur chuig WAUConsultation@housing.gov.ie leis an ábhar MST Comhairliúchán Níotráití nó tríd an bpost chuig:
Comhairliúchán Níotráití MST
Aonad Comhairleach Uisce
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Teach an Chustaim,
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfar gach aighneacht a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Tá tuilleadh faisnéise le fáil i Ráiteas Príobháideachais an chomhairliúcháin faoi nasc na nDoiciméad.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus barúil curtha faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir scaoileadh fán Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014. Tá na haighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart go mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i d’aighneacht (seachas d’ainm nó do shonraí teagmhála). Toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht inscaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra
Úsáidfear an t-eolas a chuireann freagróirí ar fáil chun an Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití a bheachtú agus a chríochnú agus an Ráiteas MST agus Ráiteas Tionchair Natura a ullmhú.