Scéim na Gaeilge 2020-2022: Iarratas ar Aighneachtaí
- Foilsithe: 14 Samhain 2019
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 13 Samhain 2019
- dúnadh na haighneachtaí: 13 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022
Tá an Comhairliúchán dúnta
- An chúis taobh thiar den chomhairliúchán
- Conas páirt a ghlacadh
- Cáipéisí
- Téarmaí agus Coinníollacha
- Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra?
- toradh an chomhairliúcháin
An chúis taobh thiar den chomhairliúchán
Tá An Roinn Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil ag ullmhú Scéim Gaeilge de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Moltar go leanfaidh an Scéim ar feadh trí bliana ó Márta 2020.
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde sheirbhísí trí mheán na Gaeilge a chinntiú. Táthar ag súil go dtógfaidh an Scéim úr ar an dul chun cinn a rinne an Roinn leis na blianta anuas ar sholáthar sheirbhísí trí Ghaeilge.
Conas páirt a ghlacadh
Tá an Roinn anois ag iarraidh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar maidir le hullmhú na Scéime nua. Ba chóir aighneachtaí scríofa, i bhformáid leictreonach ab fhearr, a sheoladh roimh Aoine, 13 Nollaig 2019 chuig:
Ríomhphost: strategy@housing.gov.ie (ag baint úsáide as an ábhar “an Ghaeilge Comhairliúchán”)
Nó ar an bpost, chuig:
Comhordaitheoir na Scéime Teanga,
Aonad um Thacaíocht Straitéiseach agus Gnó,
Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil,
Bóthair an Bhaile Nua,
Loch Garman
Y35 AP90
Tuilleadh Eolais
Tá eolas maidir le ról agus leis na seirbhísí don phobal a sholáthraíonn an RoinnTithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla le fáil ar shuíomh gréasáin An Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta
Cáipéisí
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá gach aighneacht agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche seo faoi réir a n-eisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014. Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí freisin - féach an Ráiteas Príobháideachta.
Ní ceart faisnéis atá pearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d'aighneacht agus glacfar leis go mbeidh an fhaisnéis go léir i d'aighneacht ineisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do Fhreagra?
Cuirfear eolas ar fáil, a bhuí leis na freagraí, chun breis forbartha a dhéanamh i ndáil le Scéim Gaeilge na Roinne. Iarrtar ort a thabhairt faoi deara go bhféadfar aighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.