An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
An Rannán um Sheachadadh Tithíochta Sóisialta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an rannán seo freagrach as seachadadh gealltanas sa Chlár Rialtais a threorú agus a mhaoirsiú, maidir le:
- seachadadh tithíochta sóisialta agus
- cuspóirí gaolmhara a chur chun cinn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Thionscadal Éireann 2040.
Áirítear leis seo an stoc tithíochta sóisialta a mhéadú níos mó ná 50,000 sna cúig bliana amach romhainn, trí oibriú le húdaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun seachadadh tithe tithíochta sóisialta a luathú agus a mhéadú, trí raon clár tógála, fála agus léasaithe, lena n-áirítear díriú ar mhaoin fholamh.
Tá an Rannán freagrach freisin as:
- bainistíocht agus maoirseacht an bhuiséid tithíochta sóisialta €2.5 billiún
- tuairisciú ar sheachadadh agus aschuir tithíochta, lena n-áirítear tuilleadh forbartha ar chórais tuairiscithe sóisialta agus sonraí.