Iniúchadh Inmheánach
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2026
Iniúchóireachtaí ar Phróisis Ghnó
De réir na Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí ní mór aonad iniúchóireachta inmheánaí a bheith i ngach Roinn. Faoi Ghlacadh na gCaighdeán Domhanda um Iniúchóireacht Inmheánach do Ranna agus Oifigí an Rialtais, 2024, ní mór gach aonad a oibriú i gcomhréir leis na Caighdeáin Dhomhanda um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha.
Iniúchóireacht Inmheánach
Is é ról an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí (AII) dearbhú neamhspleách oibiachtúil a chur ar fáil don Ard-Rúnaí go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh, rialachais chorparáidigh agus bainistíochta riosca na Roinne leordhóthanach agus éifeachtach.
Leagtar amach ról, údarás agus freagrachtaí an Aonaid sa Cháirt Iniúchóireachta Inmheánaí.
Coiste Iniúchóireachta
Is coiste neamhspleách é an Coiste Iniúchóireachta. Cuireann sé comhairle ar fáil don Ard-Rúnaí faoi oiriúnacht agus stóinseacht chórais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh na heagraíochta. Gníomhaíonn an Coiste i gcáil chomhairleach agus níl feidhmeanna, freagrachtaí ná cumhachtaí feidhmiúcháin aige.
Is iad seo a leanas baill an Choiste Iniúchóireachta:
- An tUasal Noel Waters (Cathaoirleach)
- Bean Uasal Jackie Maguire - Ball Seachtrach
- An tUasal Larry Byrne - Ball Seachtrach
- Bean Uasal Fiona Quinn – an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Bean Uasal Niamh Larkin – an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Tionóltar an Coiste uair in aghaidh na ráithe ar a laghad agus oibríonn sé faoi Chairt. Is sa Chairt sin a leagtar amach na Téarmaí Tagartha don Choiste.