English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim

Tabhair cuairt ar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim

Sárshaothar ailtireachta a dhear James Gandon is ea Teach an Chustaim, atá ina shainchomhartha de chuid Bhaile Átha Cliath le breis agus dhá chéad bliain anuas. Cuireadh i gcrích é sa bhliain 1791 tar éis tréimhse tógála deich mbliana.

De bharr láthair agus stádas Theach an Chustaim, shílfí go raibh ról tábhachtach aige in Éirí Amach na Cásca. Tá sé suite go díreach trasna ó Halla na Saoirse (a bhí ar bhunáit Arm Cathartha na hÉireann) agus in aice Dhroichead na Comhdhála (pointe trasnaithe deiridh na Life ag an am), níl ann ach achar gearr ag siúl ó Choláiste na Tríonóide agus tá sé suite níos lú ná 400 méadar ó Ard-Oifig an Phoist í féin. Dá ainneoin sin, ní luaitear Teach an Chustaim go minic i gcuntais staire. Le linn an taispeántais, pléitear an easpa airde sin agus roinnt naisc an-suimiúil eile idir Teach an Chustaim agus imeachtaí stairiúla éagsúla na ré.

De bhreis ar an taispeántas, tá roinnt den ailtireacht nuachlasaiceach is áille san Eoraip le fáil san Ionad Cuairteoirí é féin.