Maidir an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála
- Foilsithe: 23 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2024
- Cé hiad an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála
- Maidir linn
- Struchtúr na Stiúrthóireachta Náisiúnta
- Foireann na Roinne
- An Bord Bainistíochta
- Sonraí Teagmhála
Cé hiad an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála
Bunaíodh an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (SNBDE) sa bhliain 2009. Is rannóg muid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus déanaimid comhordú ar fhreagraí éigeandála agus tugaimid tacaíocht do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann.
Maidir linn
Cuireann SNBDE tacaíocht ar fáil le haghaidh na seirbhíse dóiteáin trí nuashonrú a dhéanamh ar threoirlínte do chomhraiceoirí dóiteáin maidir le hobair agus sábháilteacht. In 2013 d’fhoilsíomar doiciméad beartais dar teideal “Pobail a Choinneáil Slán” (KCS). Cuirtear síos sa doiciméad seo ar na hathruithe atá le déanamh ar na spriocanna le haghaidh freagra caighdeánach, ar ról na seirbhíse dóiteáin agus conas a tharlóidh na hathruithe sin. D’fhoilsíomar freisin doiciméad dar teideal “CAMP – The next Generation” - Further Development of Fire Services Communication and Information Facilities” in 2013. Baineann an doiciméad seo le conas a dhéanfar nuashonraithe agus athruithe ar an gcaoi a mbailíonn an tseirbhís dóiteáin sonraí agus ar an gcaoi a gcuirtear an t-eolas sin in iúl.
Maidir leis an mbainistíocht éigeandála, oibríonn SNBDE le ranna eile agus le hÚdaráis Áitiúla chun pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi déileáil le móréigeandálaí amhail mórtharluithe aimsire nó tuilte. Is plean comhordaithe an plean seo. Ainmníodh Ranna Rialtais éagsúla chun tús áite a thógáil ag brath ar an gcineál éigeandála. Feictear ag an nasc seo na cúinsí ina mbeadh an ról tosaíochta ag a Rionn Tithiochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta , (nasc chuig an leathanach “role as LGD”).
Struchtúr na Stiúrthóireachta Náisiúnta
Tá SNBDE comhdhéanta de thrí chuid:
- Foireann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- an Bord Bainistíochta
Foireann na Roinne
Déanann foireann na Roinne an obair riaracháin. Déantar an obair san oifig a roinnt de réir na gcineálacha éagsúla oibre a bhíonn ar bun ag SNBDE.
An Bord Bainistíochta
Tarraingíonn an Bord Bainistíochta na coda go léir le chéile. Déanann sé iniúchadh ar céard is gá a dhéanamh, faigheann sé comhairle ón gCoiste Comhairleach agus ansin cinneann sé ar conas an obair sin a chur i gcrích.
Ballraíocht an Bhoird Bainistíochta
Sonraí Teagmhála
National Directorate for Fire and Emergency Management
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0