Pleananna do mhéara dírthofa le feidhmeanna feidhmiúcháin do Chathair agus Contae Luimnigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Pleananna do mhéara dírthofa le feidhmeanna feidhmiúcháin do Chathair agus Contae Luimnigh

Foilsiú thuarascáil an Ghrúpa Comhairleach Forfheidhmithe a bunaíodh chun méara dírthofa le feidhmeanna feidhmiúcháin do chathair agus do chontae Luimnigh a mheas.

D’fhógair Peter Burke TD, an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Phleanáil, gur cheadaigh an Rialtas, ag a chruinniú Dé Máirt, an 26 Eanáir, 2021, foilsiú thuarascáil na nGrúpaí Comhairleacha Forfheidhmithe ar mhéara dírthofa do Luimneach. Is toradh é an tuarascáil ar an obair chrua a rinne an Grúpa, a chuimsigh baill agus oifigigh tofa údarás áitiúil, agus príomhpháirtithe leasmhara i Luimneach. Cuimsíonn an tuarascáil ionchur ó raon páirtithe leasmhara earnála, chomh maith le comhairliúchán poiblí, a rinne Ollscoil Luimnigh. Tá an tAire ag tabhairt tosaíochta d’ullmhúchán reachtaíochta chun toghchán do mhéara i Luimneach a chumasú in 2021.

Report of the Implementation Advisory Group established to consider a directly elected mayor with executive functions for Limerick city and county
Amharc amharc
Report of the Implementation Advisory Group established to consider a directly elected mayor with executive functions for Limerick city and county - Appendices
Amharc amharc

Ar 24 Bealtaine 2019, reachtáladh pobalbhreitheanna ar mholtaí le haghaidh méara dírthofa a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin acu i limistéir údaráis áitiúil Chomhairle Cathrach Chorcaí; Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh; agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Cuireadh na pobalbhreitheanna ar bun faoi réir fhorálacha an Achta Rialtais Áitiúil 2019. Glacadh leis an moladh le haghaidh méara dírthofa i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi 52.4% (38,122 vóta i bhfábhar) go 47.6% (34,573 vóta i gcoinne).

Detailed Government policy proposals for a direct elected mayor with executive functions
Amharc amharc

Faoi mholadh an Rialtais, bheadh i bhfad níos mó feidhmeanna ag méara dírthofa ná mar atá ag Méara faoi láthair, lena n-áirítear roinnt de na feidhmeanna nó gach feidhm a dhéanann Príomhfheidhmeannach na comhairle cathrach agus contae anois.

Faoi fhorálacha an Achta Rialtais Áitiúil 2019, ceanglaítear ar an Aire tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid gach ceann de Thithe an Oireachtais ag sonrú moltaí le haghaidh achtú dlí a fhorálann do mhéara dírthofa don limistéar riaracháin inar tionóladh an pobalbhreith ina leith (is é sin le rá, Cathair agus Contae Luimnigh). Caithfidh an tAire an tuarascáil a chur faoi bhráid faoi 24 Bealtaine 2021.

  • sheol Méara Chathair agus Chontae Luimnigh, an Comhairleoir Michael Sheahan, agus an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus d’Athchóiriú Toghcháin, John Paul Phelan T.D., Grúpa Comhairleach Feidhmithe Mhéara ar 2 Nollaig 2019. Tabharfaidh an grúpa comhairle don Aire maidir le méara dírthofa do Chathair agus Contae Luimnigh. Is é an tUasal Tim O’Connor an cathaoirleach ar an ngrúpa. Tá sé le tuairisciú don Aire faoi shamhradh 2020.
  • tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ag déanamh athbhreithnithe ar na forálacha reachtaíochta go léir a bhaineann le feidhmeanna údaráis áitiúil. Tá an obair seo riachtanach chun aistriú feidhmeanna a éascú chuig méara dírthofa sa todhchaí.
  • chomh luath agus a chuirfidh an tAire an tuarascáil faoi mholtaí chun reachtaíocht a achtú chuig an Oireachtas, déanfaidh sé breithniú ar an reachtaíocht. Má ritear an reachtaíocht riachtanach, cuirfear toghchán do mhéara a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin acu ar bun i limistéar Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Tá tuilleadh eolais, nuacht agus nuashonruithe ar Ghrúpa Comhairleach Feidhmithe Mhéara Luimnigh, lena n-áirítear téarmaí tagartha, ballraíocht agus miontuairiscí cruinnithe le fáil ag an nasc seo a leanas:

Ghrúpa Comhairleach Feidhmithe Mhéara Luimnigh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat