Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

Tugann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta comhairle don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar shaincheisteanna reachtacha agus beartais a bhaineann leis an oidhreacht seandálaíochta agus tá sí freagrach mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • bainistíocht seandálaíochta na Séadchomharthaí Náisiúnta faoi chúram Stáit (tá Oifig na nOibreacha Poiblí ) freagrach as caomhnú agus soláthar seirbhísí cuairteoirí ag na séadchomharthaí seo)
  • Taifead reachtúil Séadchomharthaí agus Áiteanna a chothabháil faoi alt 12 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994
  • bunachar sonraí bunlíne náisiúnta de shuíomhanna agus séadchomharthaí seandálaíochta aitheanta (an Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí) atá ar fáil ar an Amharcóir Léarscáileanna Séadchomharthaí a chothabháil
  • reachtaíocht a chur i bhfeidhm maidir le láithreáin agus séadchomharthaí a chosaint (lena n-áirítear raiceanna stairiúla atá os cionn 100 bliain d'aois). Rochtain a sholáthar ar Bhunachar Sonraí Raiceanna na hÉireann tríd an Amharcóir Raiceanna
  • tochailtí seandálaíochta a rialáil, úsáid feistí braite chun críocha seandálaíochta agus tumadóireacht ar raiceanna stairiúla agus láithreáin seandálaíochta faoi uisce eile
  • comhairle a sholáthar d’údaráis phleanála agus d’údaráis toilithe eile maidir le tograí forbartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tseandálaíocht
  • faisnéis a sholáthar faoi mhaoin Oidhreachta Domhanda na hÉireann agus faoin gClár Oidhreachta Domhanda
  • comhairle seandálaíochta a sholáthar do raon leathan grúpaí agus daoine aonair

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte, foilseacháin, foirmeacha iarratais ar cheadúnas agus an Amharcóir Léarscáileanna Séadchomharthaí, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin tiomnaithe na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta .

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait faoi aon cheann de na hábhair thuas déan teagmháil linn ag:

National Monuments Service

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Room G50, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0
Ríomhphost:

nationalmonuments@housing.gov.ie

Teileafón:
01 888 3194

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat